Léiríonn na figiúirí go bhfuil líon na ndaltaí a fuair díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge beagnach dúbailte le seacht mbliana - agus tá faitíos ar roinnt daoine go bhfuil an Ghaeilge ag cailleadh an stádais éigeantaigh atá aici i scoileanna.
Cuireadh na staitisticí nua ar fáil go heisiach don chlár cúrsaí reatha TG4, Iniúchadh TG4 - As Láthair a chraolfar anocht Dé Céadaoin an 24 Meán Fómhair ag 9.30pm agus a bheidh á chur i láthair ag an iriseoir iniúchta a bhfuil gradam buaite aige, Kevin Magee.
Based on The Department of Education and Youth's latest figures,14.3% of the post-primary population have been granted an exemption from studying Irish. TG4's Iniúchadh on tonight, Wednesday, 9.30 on TG4 examines why this number has grown so much over the last few years.
Fiosrófar sa gclár na cúiseanna a bhfuil líon na ndíolúintí ag méadú sa gcóras oideachais an tráth céanna a bhfuil athbheochan ag teacht ar chultúr na Gaeilge i measc na hóige mar gheall ar an tóir mhór atá ar bhannaí ceoil ar nós Kneecap, an tóir atá ar choláistí samhraidh agus an fás atá ag teacht ar líon na dtionchairí ar líne a bhíonn ag labhairt Gaeilge.
Tá éilimh déanta ag an gCumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (NAPD) sa gclár nach ar a gcuid ball a bheadh an fhreagracht díolúine a dheonú, mar, a deir siad, go bhfuil tuismitheoirí atá ag lorg díolúine dá bpáistí ag cur brú ar phríomhoidí.
Léirítear sna figiúirí is déanaí ón Roinn Oideachais agus Óige go raibh díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag 60,946 dalta nó ag 14.3% den daonra iar-bhunscoile i mbliain acadúil 2024/25, cé gur ábhar éigeantach atá inti.
Is ionann sin agus cead speisialta gan staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge a bheith faighte ag duine as gach seachtar páiste meánscoile faoi láthair. Léirítear go raibh méadú 5,286 dalta ar líon iomlán na bliana roimhe sin, ó 55,660 go 60,946 dalta, arb ionann é agus 13.4% den daonra iar-bhunscoile.
Tá córas na ndíolúintí ag cur an iomarca brú ar phríomhoidí agus ar leas-phríomhoidí, dar leis an gcomhlachas gairmiúil a bhíonn ag déanamh ionadaíochta ar a son.
Faoi láthair, is féidir le príomhoide scoile cinneadh díolúine a thabhairt do dhalta má shásaíonn sé na critéir riachtanacha atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais agus Óige. De ghnáth, baineann na coinníollacha le páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu nó le páistí nua atá tagtha ó thar lear go hÉirinn.
Dúirt an Roinn Oideachais nach bhfuil aon phleananna aige freagracht na cinnteoireachta i dtaobh díolúintí a bhaint ó phríomhoidí. "Níl sé sin á bhreithniú faoi láthair," a dúirt urlabhraí.
Ach léirítear sna figiúirí ón Roinn Oideachais agus Óige freisin go raibh thart ar dhá thrian, nó 20,264 dalta, a raibh díolúine faighte acu mar gheall ar riachtanais speisialta oideachais (SEN) ag déanamh staidéar ar theanga eile seachas Gaeilge i rith na bliana acadúla 2023/24.

Tá imní ar roinnt saineolaithe go bhfuil stádas na teanga ag ísliú i gcóras na scoileanna, agus go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith ina hábhar roghnach amach anseo seachas a bheith ina hábhar éigeantach mar gheall ar an ardú eile seo atá tagtha ar líon na ndíolúintí atá ceadaithe ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge
Ag labhairt dó i nGaeilge, dúirt Pádraig Ó Duibhir, Ollamh Emeritus san Institiúid Oideachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath:
"Tá rudaí áirithe éigeantach sa scoil, caithfidh tú mata a fhoghlaim. Caithfidh tú Béarla a fhoghlaim. Caithfidh tú bunscileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fhoghlaim agus mar sin de, agus mar Éireannach chuirfinn an Ghaeilge isteach i measc na rudaí sin. Níl a fhios agam an polasaí comhfhiosach atá ann ach is dóigh liom gurb é an toradh a bheidh ar an bpolasaí seo, mura ndéantar leasú air, ná go mbeidh an Ghaeilge mar ábhar roghnach amach anseo, go b'in an toradh fadtréimhseach nó meántréimhseach a bheadh air."
Dúirt an Roinn Oideachais agus Óige, mar fhreagra ar an gclár, nach bhfuil aon phleananna aici ábhar neamhéigeantach a dhéanamh den Ghaeilge sa scoil. "Níl, níltear i mbun breithnithe air sin," a dúirt urlabhraí.
Go ginearálta, tugtar díolúine do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, do pháistí atá ag freastal ar scoileanna speisialta nó do pháistí a thagann go hÉirinn ó thar lear nach raibh aon taithí acu roimhe sin ar bheith ag foghlaim na Gaeilge. Tugtar thart ar leath de líon iomlán na ndíolúintí do pháistí nua atá ag teacht go hÉirinn agus ag dul isteach sa gcóras oideachais.
Dúirt an Roinn Oideachais agus Óige nach mór féachaint ar fhigiúirí na ndíolúintí "i gcomhthéacs níos leithne" bunaithe ar líon na scoláirí nua atá ag bogadh go hÉirinn ó thar lear, go leor acu atá i dteideal díolúine uathoibríoch a fháil ón nGaeilge - polasaí a cháintear i gclár faisnéise TG4 - "As Láthair" nó "Absent".
Iniúchadh, Dé Céadaoin, 24 Meán Fómhair, 9.30 ar TG4