skip to main content

Áilleacht an tSéasúir: Trí shúile an chait

Scríobhann ár gcolúnaí nua anaithnid faoi dhraíocht an Fhómhair agus an spraoi a bhaineann leis an domhan a fheiceáil trí shúile na ndaoine beaga.

Is fada ón latte spíosrach puimcín agus an fleasc dorais galánta fómhar a tógadh mé, ach is cosúil go bhfuair an t-algartam nó fuadar ard éigin ó chlár Netflix greim orm an tseachtain seo.

Tar éis mo bheirt a fhágáil go drogallach isteach ar scoil agus naíonra, agus na deora, smaois, 'Ná fág mé'-anna, breabanna d’fhéiríní iarscoile ón tsiopa, agus gach a bhaineann leis an mbriseadh croí laethúil ag geata na scoile curtha díom, bhí deis agam siúl abhaile liom féin, roimh tús a chur leis an jab eile ag an ríomhaire.

Bhí mo dhá lámh ag luascadh go héadrom le mo thaobh, gan duine ar mo bhaclainn, nó ar mo dhroim, agus gan an mála mór ‘Mary Poppins’ (mar a thugann mo pháirtí air) lán leis na nithe ‘ar eagla na heagla’ á iompar agam. Bhí mé liom féin, podchraoladh faoi dhúnmharfóir uafásach éigin sna cluaisíní agam (a leithéid de hollmhaitheas féinne, nach ea? Má thuigeann, tuigeann!) agus lig mé osna mór asam. D'fhéach mé timpeall orm don chéad uair le fada. Is deacair san a dhéanamh uaireanta agus tú ag iarraidh beirt an-óg a choimeád slán ón ndomhan agus óna chéile, go háirithe le mo bheirt - má tá baol ann, aimseoidh siad an bhearna, creid uaimse agus óna ribí gruaige liath ar fud mo chinn é.

An mhaidin álainn fhómhair seo, thug mé an domhan timpeall orm faoi deara don chéad uair le tamall. Bhí na driseacha áitiúla dubh le sméara dubha. Cén fhad an mbeadh siad fós ann? Conas nach raibh siad pioctha, iad chomh mór, flúirseach agus súmhar? Níor ghéill mé don fhonn a bhí orm an fón a tharraingt amach chun, ‘An dtéann páistí ag piocadh sméara dubha níos mó?’ a chló isteach. Tá liosta na ceisteanna aisteacha atá clóite isteach agam sách fada mar atá! Ar chóir dom ciseáin bheaga ghleoite a fháil chun sméara a phiocadh leis na leanaí tar éis scoile orm subh nó rud éigin Markle-esque a dhéanamh leo?

Ó nach raibh mé lán den mhagadh a bhaineann leis an ‘bhfuath-féachaint’ agus Megan ag déanamh gallúnach baile déanta as, bhuel, gallúnach ceannaithe a leá, nó ag líonadh mála beag donn le cnónna ceannaith agus á maisiú le lipéid lámh-sínithe mar fhéirín bheag…ach an té a bhíonn ag magadh bíonn a leath faoi féin sar i bhfad.

Muireann Ní Chíobháin ealaíon

N’fheadar an í an Bandiú, nó a leithéid a chuireann an t-algartam dírithe ar thuismitheoirí i mo threo, atá thíos le seo, ach is éasca an rud é déanamh amach go bhfuil dualgas ort, gach nóiméad de gach lá a líonadh le ghníomhaíochtaí coimeádta do do chuid leanaí. Tá an brú ann chun pictiúir ina bhfuil gach duine gléasta don séasúr, i mbun rud éigin gleoite a fháil do leabhar na cuimhní. Agus ghéill mé don bhrú céanna. Cé go bhfuil Samhradh céad bliain curtha díom mar imdháileoir craic agus sneaic agus PCCFGG (Príomh-Chruthaitheoir Cuimhní Fadsaoil Grámhar Gleoite) do mo bheirt óg, ní bheadh clabhsúr curtha le tréimhse ragoibre mhamaí, gan dul ag piocadh sméara dubha, rud a rinne mé go minic i m’óige féin. Ná bris do loirgín ar stól nach bhfuil i do shlí, a deir tú? Cá raibh tú an lá san, a chara?

Amach linn le high-vizeanna orainn, crúscaí beaga do na sméara agus beirt óg a bhí scriosta tar éis dul i ngleic le filleadh ar scoil tar éis an tSamhraidh. Bhí mise lán-dóchais go mbeadh tráthnóna gleoite againn, go mbeadh cuimhne go deo acu air agus go ndéanfaimis mionbhruar blasta éigin le chéile ansin, gach duine againn ag gáire agus ag cabhrú lena chéile. An amhlaidh a tharla? Ní hea, muise!

Níor rith sé liom go dtí go raibh mé ag déanamh sciath daonna asam féin chun mo leanaí a chosaint ó na carranna a bhí réabadh siar an bhóthair, go raibh cúis nach raibh na sméara pioctha roimhe seo! Ach bhí mé meáite chun tic a chur sa bhosca, ‘piocadh sméara dubha’ ar liosta mór le dealraimh eispéiris riachtanach óige atá sa lá atá inniu ann. Ní raibh cúig nóiméad caite sular raibh sneaiceanna de dhíth agus gearráin oifigiúila á ndéanamh agus ní fada, go raibh dealga i méara beaga agus an fhoighne a mhaireann cúig nóiméad a bhíonn ag naíonáin lán-chaite. Ní mar seo a shamhlaigh mé ár n-eachtra le chéile, ach nuair a thosaigh na neantóga ag dó, thosaigh an raic.

Muireann Ní Chíobháin ealaíon

Bhí an té is sine ar thóir na gcumharshalann agus dó bídeach ar a chos aige. Cá bhfaigheadh sé é? Briseann an dúchas trí shúile an chait abair! Ní raibh na dónna ar fad a bhí ar a chosa tugtha faoi ndeara ag an bpiscín is óige go dtí seo, ach agus an piscín níos sine ag lorg garchabhair práinneach, ní fada go raibh meamhlach brónach ar siúl acu beirt.

‘Cad a dhéanfaidh tú faoin OW seo?’ a mham.

D’fhéach mé thart orm chun copóg a lorg a leigheasfadh an phian.

‘Táim ag lorg copóg’ a dúirt mé.

‘Cup óg? No cupáns anseo and how will an young cup cabhrú leis na neantóg ows anyways?’ arsa mo pheata beag amhrasach.

Ní raibh faic le déanamh ach pléascadh amach ag gáire. Ní chuireann aon rud an domhan dochreidte, aisteach iontach seo ar do shúile níos fearr duit, ná é a fheiceáil tríd súile do leanaí. Agus nach ait, nuair atá mamaí ag gáire mar sin, bíonn na leanaí leat ag gáire fút. Rinne siad níos mó gáire fós nuair a dhóigh neantóg mise ar an ordóg go dona agus mé ag piocadh na copóga chun iadsan a chneasú. Ní haon ionadh go dtaitníonn Tom and Jerry chomh mór sin leo agus iad i dtigh mhamó!

Agus na copóga a gcuimilt againn ar ár ndónna, chumamar rap beag seafóideach faoin neantóg a dhó agus an copóg a leigheas. Gan dabht, bhí na crúscaí folamh nuair a shroicheamar an tigh, agus aghaidheanna smeartha le sú sméara. Ní raibh aon mhilseog baile déanta do Harry anocht, ach bhí scéalta seoigh faoin ‘gcup óg’ atá ina dhuilleog draíochta ag beirt ghaiscíoch a fuair an lámh in uachtar ar neantóga nimhneacha. Gleoiteacht nach bhfaighfeá ar an ‘grid’ s’agam, ach a dhéanfaidh mé gáire go deo faoi.

Le gach dea-rún

An Cat ‘s a Cóisir.