skip to main content

Ag ceiliúradh Laoch na nGael: Tús Áite beo ó Mhúsaem na bPiarsach

Tá Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltacha le clár speisialta a chraoladh ó Músaém na bPiarsach i Rath Fearnáin i mBaile Átha Cliath ar an gCéadaoin 24 Méan Fómhair chun comóradh a dhéanamh ar Phádraig Mac Piarais a bheith roghnaithe mar 'Laoch na nGael' ag éisteoiri an chláir.

Le linn an tSamhraidh bhí deis ag na héisteoirí éisteachta le míreanna faoi dhaoine éagsúla beo nó marbh a rinne éacht ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus vóta a chaitheamh ar líne don té ar chóir a roghnú mar 'Laoch na nGael', dár leo.

Sa chéad cuid beidh comhrá ann leis An tOllamh Regina Uí Chollatáin, Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, UCD, Aindrias Ó Cathasaigh, stairí agus údar agus Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beidh tuairisc againn ar Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc ón gcuairt a thug Fachtna Ó Drisceoil i rith an tSamhraidh i lár báire.

Sa dara cuid den chlár, beidh Comhairleoir Chathrach BÁC Sinn Féin, Micheál Mac Donnchadha, Pól Ó Meadhra, saor iriseoir le Gript agus ball Pobal na Gaeilge agus an Comhairleoir Ceatharlach-Chill Cainnigh le Páirtí an Lucht Oibre, Seán Ó hArgáin, ag plé oidhreacht pholaitiúil an Phiarsaigh.

An tOllamh Regina Uí Chollatáin

Maraon leo siúd beidh Pól Ó Meadhra, Saor Iriseoir agus Colúnaí le Gript, Comhairleoir Chathrach Bhleá Cliath le Sinn Féin, Mícheál Mac Donncha agus Seán Ó hArgáin, Comhairleoir le Pairtí an Lucht Oibre i gCill Chainnaigh.

Beidh lucht éisteacha i láthair freisin don ócáid.

Craolfar clár ómóis, 'Laoch na nGael' Tús Áite, 5-6pm Dé Céadaoin 24ú Meán Fómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le cúnamh Oifig na nOibreacha Poiblí.