skip to main content

Gradam speisialta bronnta ar Thadhg Mac Dhonnagáin

Bronnadh Gradam Bliantúil Leabhair Pháistí Éireann don bhliain 2025 ar Thadhg Mac Dhonnagáin, scríbhneoir lonnaithe i gConamara agus bunaitheoir an fhoilsitheora Futa Fata, as ucht an obair mhór atá déanta aige ar mhaithe le leabhair do pháistí.

San fhógra a déanadh ag Comhdháil Idirnáisiúnta Leabhair Pháistí Éireann ag an deireadh seachtaine, aithníodh dúthracht agus díograis Thaidhg do chomhphobal na leabhar do pháistí, ach go háirithe trí mheán na Gaeilge.

Ba í Majella Ní Chríocháin, bainisteoir na féile litríochta Gaeilge IMRAM, a bhronn an gradam ar Thadhg, a bhí ainmnithe don ghradam ag buíon dá phiaraí. Agus í ag tuairisc ar a obair iontach san earnáil, labhair Majella faoin "tionchar ollmhór ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge, ar scríbhneoirí do pháistí agus ar fhoilsitheoireacht do pháistí" a bhí agus atá fós ag Tadhg.

In 2005, nuair a bhí ardmheas ag an bpobal cheana féin ar Thadhg Mac Dhonnagáin mar scríbhneoir ar leabhair, scripteanna agus amhráin, bhunaigh sé an teach foilsitheoireachta Futa Fata, a dhírigh ar leabhair Ghaeilge do pháistí. Bhí sé mar fhís aige go mbeadh leabhair Ghaeilge ar an ardchaighdeán céanna ó thaobh scríbhneoireachta, deartha agus táirgthe de le leabhair i dteangacha eile ar fud an domhain.

Agus fiche bliain caite aige san earnáil, fíoraíodh an fís a bhí aige. Thug Tadhg a ghairm agus a chuid ama don earnáil le bunsaothair Ghaeilge a fhoilsiú agus le leaganacha Gaeilge a chur ar fáil de leabhair aitheanta eile a foilsíodh as Béarla agus i dteangacha eile ó údair iomráiteacha, leithéidí Tony Ross, Jeff Kinney, Oliver Jeffers agus Julia Donaldson ina measc.

Mar aon le bheith ag cur le próifíl na Gaeilge, ach go háirithe i réimse na litríochta do pháistí, tugann Tadhg tacaíocht d'ealaíontóirí cumasacha atá ag teacht chun cinn ar fud na hÉireann.Agus í ag labhairt faoin obair atá déanta ag Tadhg ar an mbonn sin ar feadh a ghairmréime, labhair Majella Ní Chríocháin faoin "tacaíocht ollmhór a thugann sé d’údair agus maisitheoirí" trí cheardlanna agus cúrsaí, ag tabhairt aitheantais d’ealaíontóirí ar nós Tarsila Krüse, Laureate na nÓg Patricia Forde, Paddy Donnelly agus Muireann Ní Chíobháin.

Le linn don Ghradam a bheith fógartha, cuireadh ionadh ar Thadhg nuair a tháinig a theaghlach agus a chairde chuig an stáitse. Cuireadh a theaghlach agus a chairde ar an eolas faoin ngradam sna seachtainí sular fógraíodh an buaiteoir i ngan fhios do Thadhg, agus bhailigh siad le chéile leis an mbua a bhí tuillte aige a cheiliúradh ar an lá.

Chuir Tadhg a lúcháir agus a bhuíochas in iúl don slua ag Comhdháil Idirnáisiúnta Leabhair Pháistí Éireann, ag rá;

"Tá tocht tagtha orm ar bhealach fíor-álainn. Airím gur gradam é seo do na daoine a mbím ag obair leo i Futa Fata. Is ócáid ollmhór é seo domsa toisc go bhfuil an fhoilsitheoireacht do pháistí agus an scríbhneoireacht do pháistí chomh tábhachtach sin dom."

Ón gceannáras beag sa Spidéal, tá litríocht na Gaeilge do pháistí scaipthe go hidirnáisiúnta ag Tadhg Mac Dhonnagáin agus a fhoireann in Futa Fata. Trí Futa Fata, tá ardán tugtha ag Tadhg do scríbhneoirí a d’fhéadfadh a bheith ag plé le lucht léitheoireachta ní ba theoranta murach é. Le blianta fada anuas, bhí ról fíorthábhachtach ag Tadhg agus é ag cuidiú le léitheoirí óga in Éirinn agus thar sáile grá a chothú do leabhair Ghaeilge.

Is ceannródaí i réimse na leabhar Gaeilge é Tadhg Mac Dhonnagáin agus tá Gradam Leabhair Pháistí Éireann tuillte go maith aige. I bhfocail Majella Ní Chochráin; "is é an oidhreacht is mó agus is luachmhaire a bheidh aige ná an taisce iontach ildaite de leabhair Ghaeilge do pháistí, iad sárscríofa agus sármhaisithe, atá curtha le chéile aige féin agus a fhoireann in Futa Fata."