skip to main content

Oíche ilteangach, ilchineálach

Scríobhann Ola Majekodunmi faoin Mic Oscailte Ilteangach atá á reachtáil aici féin agus a comhbhunaitheoir, Daniel Flynn in Leabharlann Lexicon i nDún Laoghaire.


Tá mé féin agus mo comhbhunaitheoir/ phairtí, Daniel Flynn, ar bís le tús a chur le hOíche Mic Oscailte Ilteangach úrnua i nDún Laoghaire go luath! Is sraith oícheanta de cheoil, filíocht, greann, scéalaíocht agus eile í seo a mbeidh ar siúl sa stiuideó Leabharlann Lexicon sa cheantar.

Mar scríbhneoirí cruthaitheacha muid féin, bhí sé tábhachtach dúinne spás a chruthú do gach cinéal duine cruthaitheach ó gcúlraí difriúla le teacht le chéile agus muid féin a chur i láthair ós gcomhair an slua inár dteanga féin nó teanga eile. Spás tacúil, gan breithiúnas a bheas ann. Bímse ag scríobh trí Bhéarla, Gaeilge agus Iarúibís go príomha na laethanta seo.

Bíonn Daniel ag scríobh trí Bhéarla, ach meas aige ar theangacha eile. Shíleamar leis an meon frith-inimirce atá ag fás sa tsochaí faoi láthair, go mbeadh sé riachtanach agus cabhrach daoine a thabhairt le chéile len iad féin a chur in iúl go cruthaitheach ar an stáitse, gan aon breithiúnas. Ní rabhamar ag iarraidh díriú isteach ar theanga amháin don ócáid seo, ionas go mbeadh réimse leathan ábhair agus daoine ar an stáitse agus san lucht féachana.

Ola Majekodunmi

Táimid thar a bheith buíoch do Éire Ildánach agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin as an deis agus tacaíocht iontach seo a thug maoiniú agus áis dúinn leis an ócáid seo a chur i gcrích. Bhí an smaoineamh againn ar feadh bliana nó mar sin agus tá sé go haoibhinn go mbeidh ár n-aisling á bhaint amach againn anois.

Beidh aíonna speisialta againn freisin le chur i láthair a dhéanamh le tús beomhar a chur ar na hoícheanta, Dr. Spinoza, Amano, Baby Sicko, Cormac Fitz (Mac Gearailt), Nandi Jola agus Farah Elle san áireamh. Beidh meascán de theangacha éagsúla le cloisteáil uathu ar an stáitse ar nós Araibis, Cróitis, Gaeilge, Yoruba agus Xhosa.

Phiocamar Dún Laoghaire mar shuíomh don ócáid seo toisc gur ceantar ilchineálach lán le beocht agus taobh nuálach de freisin. Bhíomar ag iarraidh suíomh i mbruachbhaile, fad ón gcathair. Tá gaol pearsanta againn leis an gceantar chomh maith, fréamhacha againn ann agus muid fós inár gcónaí gar don bhaile.

Sé sheisiún a mbeidh i gceist ar na dátaí seo a leanas, agus doirse oscailte ag a 6 o'chlog:

29 Meán Fómhair

13 Deireadh Fómhair

20 Deireadh Fómhair

3 Samhain

10 Samhain

24 Samhain

Is ócáidí saor in aisce atá i gceist anseo agus má tá suim agat cur i láthair a dhéanamh, is féidir siniú suas ar an oíche, mar sin bí linn!

Tuilleadh eolais ar fail anseo