Labhair muid le Sinéad Ní Churnáin, tuairisceoir le Scannal faoin gclár Murder on Ireland's Eye agus a cuid oibre ar an gclár a fhiosraíonn scéalta móra na hÉireann.
An raibh scéal Maria Kirwan ar eolas agat sular thug tú aghaidh ar an gclár a dhéanamh faoina dúnmharú?
Bhíos ar an eolas faoi ach ní raibh mionsonraí aisteacha an scéil ar eolas agam. Tá an scéal seo i m'aigne ó 2016 is dóigh liom, ach n'fhéadar cá bhfaca é an uair úd, seans go raibh sé san Irishman's Diary nó áit éigin mar sin. Nuair a chuas i mbun tochailte ansan bhí blaganna éagsúla agus cartlanna ar fáil faoin scéal sa Chartlann Náisiúnta- ealaíon le William Kirwan srl.
An rud a choimeád ón scéal mé ná an costas a bhí ag baint le hathchruthú, do bheadh orainn ladhar mhór airgid a chaitheamh chun é chur ar an scáileán. Níor thuigeas go dtí bliain nó dhó ina dhiadh sin go raibh Thou Shalt Not Kill déanta faoin scéal sna' 90's ag Cathal O' Shannon. Bhíos ana shásta nuair a chonaic é sin agus bhí an stúirthóir Michael McCormack sásta bheith páirteach sa tógra i mo theannta.
Tá cuntas cuimsitheach 'Death on Ireland's Eye' foilsithe ag Dean Ruxton, iriseoir leis an Irish Times, tá se nótálta. Anuas ar sin tá roinnt leabhair eile scríobtha ag leithéidí Suzanne Leeson agus Michael Sheridan.
Leis an fhirinne a rá, bhí sé deacair an scéal seo a chúngú go 25 nóiméad, tá ar a laghad 50 nóiméad de dhíth chun léargas iomlán a thabhairt. Cé go dtugann eipeasóid na hoíche anocht sonraí an scéil, níl gach cuid de clúdaithe agus bheadh sé spéisiúil níos mo ama a bheith againn chun tuilleadh anailíse a dhéanamh. Mholfainn d'éinne a bhfuil suim acu sa chás seo na leabhair thuasluaite a léamh chun tuairimí scríbhneoirí agus taighdeoirí eile araon a thuiscint.
Tá eilimintí an scéil seo casta agus tá iarracht déanta againn é a chur faoi bhráid an lucht féachana i slí atá easca a leanúint.
Dár ndóigh, maraítear go leor mná gach bliain in Éirinn. An bhfuair tú amach aon ní agus sibh i mbun oibre ar an gclár seo faoin bhfadhb mhór seo?
Ní chuamar isteach sna staitisticí san toisc easpa ama leis an fhirinne a rá. Rud amháin atá cinnte faoin gcás nó faoin scéal seo ná ní caitear go maith leis na mná in aon chor.

Pléann Scannal le scéalta móra na hÉireann, ag insint stair na tíre tríd na scéalta seo. An bhféachann tusa ar an nuacht tríd shúile an tuairisceora Scannal i gcónaí, ag cuartú na scéalta seo?
Bímid de shíor ag cuardach is ag tochailt agus ag cur leis an liosta.
Bíonn sé deacair uaireanta éisteacht leis an raidió gan nóta a bhreacadh nó mar shampla rud éigin a léamh ar-líne nó sa pháipéir gan nóta a thógaint dó. Tá'n tú i gcónaí ag cuimhneamh seans go mbeidh sé sin uainn sa todhchaí!
Bímid ag cur leis an liosta de Scannail i gcónaí agus ní bheidh deireadh go deo le 'capers' na tíre seo!
Feidhmíonn Scannal trí ábhar chartlainne a aimsiú agus tuairimí an phobail a thabhairt le chéile. Cad é an chuid is fearr leatsa; an taighde nó an cur i láthair?
Tá spéis agam sa dá rud ach d'fhéadfá a rá go bhfuilid éagsúil óna chéile.
Teastaíonn uaimse i gcónaí an bun taighde a dhéanamh mé fhéin d'aon scéal ar a bhfuilim ag obair agus ansan tá taighdeoirí iontacha lán tallainne againn sa roinn a chabhraíonn linn i ngach uile slí chun na scéalta seo a chur i gcríche agus faoi bhráid an lucht féachana.
Féach siar ar Scannal, Murder on Ireland's Eye anseo