D'fhógair An tOireachtas inniu an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025, agus tá ocht gcinn d’ainmniúcháin faighte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus ainmniúchán amháin faighte ag Nuacht RTÉ sa rannóg Iriseoir na Bliana.
I rannóg Sraith na Bliana, tá Tús Áite agus An Taobh Tuathail ainmnithe, agus tá Dónal Mac Ruairí (Cóisir Cheoil) agus Máire Treasa Ní Dhubhghaill (Pé Scéal É) ainmnithe i rannóg Pearsa na Bliana. Tá Caoimhe Ní Choncoille, Sláine Ní Chathalláin agus Dónall Mac Ruairí ainmnithe i rannóg Craoltóir Solabhartha na Bliana. Tá Cuan Ó Seireadáin, Raidió na Gaeltachta, agus Caoimhe Ní Laighin, Nuacht RTÉ ainmnithe chomh maith i rannóg Iriseoir na Bliana.

Tá trí chatagóir déag ar chlár na ngradam i mbliana. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vótáil poiblí Dé Máirt, 23 Meán Fómhair 2025. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar 22 Deireadh Fómhair 2025.
Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar sháriarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas.
Bronnfar na Gradaim Chumarsáide 2025 le linn Oireachtas na Samhna, ar Chéadaoin na féile, 29 Deireadh Fómhair 2025.