Reachtálfar an chéad agóid mhór don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn beag seo ag tosú ag Cearnóg Pharnell ag 1.30.
The housing crisis has affected every person in Ireland and the Gaeltacht regions are no different. CEARTA: National Protest for the Irish Language and the Gaeltacht is being held in Dublin this Saturday 1.30 at Parnell Square to address the housing issue and many other areas of life being impacted 'by years of broken or unfulfilled promises and inadequate actions to support our language and the Gaeltacht.', organisers say.
Tháinig grúpa chomh fada le stiúideo RTÉ RnaG i mBaile na nGall agus Dún na nGall ag labhairt faoi CHEARTA, mórshiúl a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn beag seo.
Le cloisteáil ar an gclár, bhí Roibeard Ó hEartáin, Páidí Ó Sé, Niamh Ní Dhrisceoil, Fionn Mac Giolla Chuda agus Victor Bayda. Labhair Victor atá lonnaithe i gCiarraí Theas, deir sé go bhfuil nach mór gach cuid den saol fágtha ar lár maidir leis an nGaeilge sa cheantar. Luaigh sé cúrsaí oideachais, an Ghaeilge lasmuigh den seomra ranga, na meáin chumarsáide, cúrsaí gnó srl. srl.
Language Planning officer in South Kerry, Victor Bayda says the lack of funding has impacted almost every facet of life; from education to families trying to raise their families in Irish, media and business opportunities.
Deir Victor go mbaineann cuid mhaith de na heasnaimh seo leis an easpa maoinithe a chuirtear ar fáil don Ghaeilge, caiteachas atá 'fíor-íseal' más í teanga náisiúnta na hÉireann í.
Ó thuaidh, labhair grúpa eile atá ionadaíoch ar Chúige Uladh, ar an gclár Barrscéalta faoina n-éileamh siúd. Seanán Mac Aoidh ón ghrúpa Tinteán, Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, Ruairí Ó Donnáin Oifigeach Forbartha Gaeilge le Conradh na Gaeilge, Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola, An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh agus Breandán Ó Dufaigh iar phríomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Beidh daoine ag teacht ó gach cearn den tír, thuaidh agus theas agus iad ag léamh a gcearta ón dá dlinse. I measc na nithe atá á n-éileamh ag muintir an sé chontae, tá na fadhbanna a bhaineann le Gaelscolaíocht. Tá 60% de Ghaelscoileanna ó thuaidh fós lonnaithe i gcóiríocht shealadach, neamh-shásúil.Tá titim tubaisteach tagtha ar líon na ndaltaí atá ag roghnú na Gaeilge mar ábhar GCSE sna meánscoileanna Béarla ó thuaidh le 20 bliain anuas, ó 2630 dalta sa bhliain 2004 go 1572 sa bhliain 2024.
Tá gach eolas ar fáil faoin lá anseo