Labhair muid le stiúrthóir Darach Mac Con Iomaire faoin dráma nua, Jó Johnny Joe atá díreach tosaithe ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Deir Darach gur thosaigh sé ag smaoineamh ar dhráma nua a fhorbairt don raidió cúpla bliain ó shin agus gur eascair Jó Johnny Joe as sin. Tá spéis mhór ag Mac Con Iomaire i gcúrsaí ceoil agus deir sé go raibh sé ag iarraidh go mbeadh áit lárnach ag an gceol sa dráma mar go bhfeidhmíonn an ceol mar uirlis ann féin sa saothar.
Is mór-shraith nua dhrámaíochta dúghrinn raidió é Jó Johnny Joe, faoin gceoltóir Johnny Ó Dúill, 45, atá faoi bhrú ag iarraidh caidreamh a chothú lena iníon Jó-B (15). Níl a bhean Maggie (46) sásta beag ná mór leis mar, cé gur duine lách é, níl cuma ná caoi ar Johnny mar chéile, agus é ag caitheamh formhór dá chuid ama lena athair féin, Joe Mór (75), an duine is mó sa saol go dtaitníonn ceol Johnny leis. Seachnaíonn Johnny aighneas seasta, ach cothaíonn a chuid teicnící seachanta aighneas cinniúnach dó féin sa deireadh.
Éist leis an gcéad chlár den tsraith Jó Johnny Joe anseo
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Nuair a tháinig sé chuig cliar a aimsiú don dráma, reachtáladh éisteachtaí agus i measc na n-aisteoirí a tháinig chun cinn bhí Darach Ó Dubháin, Bríd Ní Neachtain, Sorcha Ní Chéide, Macdara Ó Fátharta agus glórtha nua ar nós Ella Ní Dhomhnaill.
Díríonn cuid mhaith den dráma ar an gcoimhlint do Jó Johnny Joe idir an saol gairmiúil mar cheoltóir atá ag dul i bhfeabhas agus an saol sa bhaile atá ag dul i léig. Deir Mac Con Iomaire go n-aithneoidh an lucht éisteachta an scenario seo agus iad ag éisteacht leis an dráma agus muid uilig ag iarraidh cothromaíocht a bhaint amach.
'Croí an scéil an choimhlint', a deir Mac Con Iomaire agus níl aon dubh agus bán ann sna coimhlintí saoil seo agus muid uilig a treabhadh linn.
Jó Johnny Joe is a major new radio drama series, a dark comedy about musician Johnny Ó Dúill, 45, who's under pressure as he tries to build a relationship with his daughter Jó-B (15). His wife Maggie (46) is far from impressed with him: although Johnny is a kind soul, he’s a poor excuse for a husband, spending most of his time with his own father, Joe Mór (75), the one person in the world who truly appreciates Johnny’s music.
Johnny avoids confrontation at all costs, but his conflict-avoidance tactics ultimately lead to a reckoning of his own.

Craoltar Jó Johnny Joe ar RTÉ Raidió na Gaeltachta,Dé Domhnaigh ag 18.30.
Jó Johnny Joe is available on YouTube with English subtitles here.