Tonight, Tuesday, 16th September at 7pm on RTÉ, Scannal looks back at murder case that was a sensation in Ireland and across the Irish sea in the mid nineteenth century and still fascinates people today
Cás dúnmharaithe a bhí go mór i mbéal an phobail in Éirinn agus trasna Mhuir Éireann i lár an naoú haois déag, agus a gcuireann daoine an-spéis ann go fóill sa lá atá inniu ann.
Seo scéal William Burke Kirwan agus bás a mhná céile Maria Kirwan ar Inis Mac Neasáin sa bhliain 1852, ar cuireadh ar a thriail é agus a ciontaíodh ina dhiaidh sin é ina dúnmharú. Tharraing an scéal aird ollmhór mar gur duine den mheánaicme, Protastúnach agus ealaíontóir a bhí i Kirwan a raibh meas mór air, rud nár tharla go minic sna cúirteanna ag an am. Bhí an fhianaise ina choinne imthoisceach, agus dar le go leor leor daoine, ciontaíodh é mar gheall ar fhreagairt mhorálta na sochaí ag an am, nuair a fuarthas amach go raibh saol eile ag Kirwan lena leannán luí Theresa Kenny agus a seachtar clainne le blianta fada. Ach an raibh a fhios ag na mná go raibh bean eile ann, agus an raibh siad sásta leis an socrú seo?

Trí úsáid a bhaint as athchruthú agus anailís shaineolach, déanaimid iarracht níos mó solais a chaitheamh ar scéal an-chasta. Nuair a thosaigh Dean Ruxton ag scríobh a leabhair Death on Ireland's Eye, bhí sé cinnte gur dúnmharfóir a bhí in William Kirwan. Faoin am a raibh a chuid taighde críochnaithe aige bhí sé fágtha le scéal a raibh go leor den eolas ag teacht salach ar a chéile agus díocas air an fhírinne a nochtadh. Chaith Siobhán Ní Chualachán blianta fada ina dlíodóir ag cosaint cásanna sa chúirt chéanna ina raibh an triail seo ar siúl. "Bhain an dlíodóir Isaac Butt an-cháil amach, ach níor éirigh go hiontach leis William Burke a chosaint an uair seo."
Déanann an craoltóir óg Síomha Ní Ruairc machnamh ar an gcaoi ar caitheadh leis na mná sa scéal seo
- "Ní raibh Theresa Kenny ach 33 bliain d’aois nuair a fágadh beo bocht í mar gheall ar dhearcadh shochaí na hÉireann ag an am sin."
Níos mó ná 170 bliain níos déanaí, fiosraíonn Scannal: An gciontófaí William Burke Kirwan sa lá atá inniu ann? An dúnmharú réamhbheartaithe a bhí i mbás Maria - nó timpiste thragóideach a chuaigh ar strae sa stair
Scannal, Murder on Ireland's Eye, anocht, Dé Máirt, 7pm ar RTÉ ONE