In a pioneering documentary, TG4 take a deep dive at the similarities between people of the First Nation and Ireland. From shared spirituality, folklore and trauma and of course, the immigrant experience, both people have a lot in common.
Clár faisnéise ceannródaíoch é seo ina nochtar scéal nár insíodh fós faoin phlé a bhí ag Éireannaigh leis na Chéad Náisiúin i Meiriceá Thuaidh. Mar scannán bóthair trasna na Stát Aontaithe a cruthaíodh an scannán mealltach seo ina bhfuil dhá pheirspictíocht – scrúdaítear taithí inimircigh na hÉireann trínár lionsa féin agus trí lionsa na ndaoine Dúchasacha a raibh tionchar ag ár dteacht ann orthu.
Ó thrádáil agus cogadh go comhghuaillíochtaí agus feall, déantar iniúchadh sa scannán seo ar na róil chasta, agus contrártha go minic, a bhí ag lonnaitheoirí Éireannacha i múnlú stair Dhúchasaigh Mheiriceá. Cluintear staraithe ceannródaíocha Éireannacha agus guthanna suntasacha ó na Chéad Náisiúin ag caitheamh solais ar an dóigh a raibh eisimircigh Éireannacha faoi chois agus ar chuir siad féin go deimhin daoine eile faoi chois san am chéanna.
This documentary covers the complex relationship between the two peoples and their connection with each other throughout history. Many of us have heard of the Choctaw's generous gift to the Irish people during the famine but there is much to learn in this new documentary.
Ansin, bogann an scannán ó Dhún Niagara go tailte Blackfeet in Montana, ag nochtadh caibidlí níos dorcha sa stair—amhail Sléacht Baker agus oidhreacht ghinearáil Éireannach-Mheiriceánacha ar nós Philip Sheridan agus Thomas Francis Meagher, a raibh baint mhór acu le heasáitiú na nDúchasach.
Leagtar béim sa chlár faisnéise fosta ar ghuthanna comhbhá agus tuisceana. Scrúdaíonn an t-ealaíontóir Choctaw, Waylon Gary White Deer, na naisc spioradálta agus stairiúla idir Náisiún Choctaw agus muintir na hÉireann, naisc atá fréamhaithe i dtráma an easáitithe a d’fhulaing siad beirt agus i síntiús cáiliúil Choctaw le linn an Ghorta Mhóir.

Ar ndóigh, níor cheap gach imirceach Éireannach ná a sliocht gur naimhde iad na Chéad Náisiúin. Chonaic leithéidí Mhicí Mhic Gabhann, a rugadh i nDún na nGall, cosúlachtaí suntasacha idir streachailt na nDúchasach agus an cruatan a bhí sa bhaile in Éirinn. Bhí daoine eile ann, ar nós James Mooney—antraipeolaí Meiriceánach arbh as Éirinn dá thuismitheoirí—a chuaigh a chónaí i measc treibheanna cosúil leis na Lakota agus a thaifead a dtraidisiúin chultúir, meas mór á léiriú aige dá réir ar a n-iarrachtaí ar an fhéiniúlacht a chaomhnú ainneoin an fhoréigin choilínigh.
Éire agus na Chéad Náisiúin, 9.30pm ar an 17 Meán Fómhair ar TG4.