Ag filleadh don fichiú bliain, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine, 19 Meán Fómhair 2025. Seo blaiseadh beag de na himeachtaí Gaeilge atá pleanáilte.
Bí réidh d'oíche rince, lán le craic agus spraoi! Beidh céilí ar siúl do thuismitheoirí agus do pháistí i Halla na bhFianna leis an múinteoir rince, Aedín Ní Mhaoiléidigh. Múinfear rincí céilí leis an slua agus beidh craic agus spórt againn á bhfoghlaim agus á dhéanamh le chéile. Bí linn,idir óg agus aosta, d’oíche shiamsaíochta den scoth do gach aoisghrúpa!
Ionad: CLG Na Fianna, Bóthar Mobhí
Am: 7pm
Ceardlann Rince Comhaimseartha do Dhaoine Fásta
Foghlaim cóiréagrafaíocht nua. Cleachta teicnic comhaimseartha chomh maith le saor rince. Scaoil amach mian do chroí I gcomhluadar tacúil agus spraíúil
Ionad: Cill Chainnigh, R95 H1K1
Am: 6pm
Faoi dhraíocht an tSléibhe Dhuibh
An bhfuil suim agat sa stair agus sa nádúr? Tar linn don imeacht speisialta seo ina nglacfaidh Ciarán Mac Giolla Bhéin, duine de mhuintir na háite agus Cathaoirleach Chumann Laochra Loch Lao, muid thart ar an SliabhDubh. Foghlaimeoidh muid faoin stair a bhaineann leis an sliabh agus leis an cheantar, faoinar tharla ann i rith na dTrioblóidí, agus faoin tábhacht a bhaineann leis anois sa phobal. Labhróidh Seán Mac Brádaigh, garraíodóir áitiúil maidir elis an nádúr agus na bláthanna dúchasacha ar an sliabh.
Ionad: Anam – Caifé na Carraige
Am: 5.30
Oíche an tSeanchais agus na Nua-Aoiseachta i gConamara Láir
Beidh deis ag an lucht féachana/éisteachta oíche den scoth a bheith acu ag éisteacht le/ ag breathnú ar cheoltóirí/fhonnadóirí/aisteoirí/dhamhsóirí ón ngrúpa 'An Stíl mar a Bhí' chomh maith le taispeántas ó Chomhaltas Óg Charna agus ó Chór Chonamara Láir. Déanfaidh an ócáid ceiliúradh ar ár dtraidisiún agus ar stíl na ngasúr óg, agus tabharfaidh sé deis dúinn ár laochra ceoil, amhránaíochta, damhsa agus aisteoireachta a chur ar stáitse don phobal
Ionad: Ionad na hOllscoile, Carna
Am: 7.30