Labhair muid leis an údar, Colm Ó Ceallacháin mar gheall ar a chéad úrscéal, Fiche. Roghnaíodh an leabhar seo mar leabhar na míosa ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh sé á phlé ar An Cúinne Dána agus ar Thús Áite.
Samhradh na bliana 1969, tugtar triúr ógánach le chéile ar thránna iarthar Chorcaí, triúr a n-athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil. Deich mbliana níos deireanaí a thagann deireadh leis an scéal, agus an Ginearál ar leaba a bháis. Scéal grá agus tragóid é seo a suitear i saol atá comhthreomhar, ach nach bhfuil ródhifriúil, le saol ár linne féin.
Leabhar é seo a théann siar sa stair, cad a thug tú chuig an mbliain 1969?
Thaitin coincheap an scéil liom, is é sin go mbeadh sé suite san am atá caite, ach in am nárbh ann dó riamh i ndáiríre. Bréagstair í seo, le macallaí síos tríthi den fhírinne. Is sa bhliain 1979 atáimid i dtús an scéil, ach go gcaitear súil siar ón ré sin go dtí an bhliain 1969 mar gurb ansin a thiteann na heachtraí amach a fhágann a lorg ar phearsana an scéil. Éire faoi chuing dheachtóra atá againn anseo. Is spéis liom é go gcuirtear gnéithe éagsúla den chultúr faoi chois go minic, amhail ceol, litríocht agus teanga, nuair a thagann réimeas leatromach i gcumhacht. Tá áiféis ag baint leis na hiarrachtaí a dhéanann mo dheachtóir féin an ghluaiseacht 'disco sucks' a thabhairt isteach go hÉirinn ar ndóigh, mar nach dtaithníonn an ceol áirithe sin leis. Bhí ann don ghluaiseacht seo i Meiriceá i ndeireadh na seachtóidí, mar sin féin, agus í breac le ciníochas agus le homafóibe. An chiall atá le baint as mo chuid rámhaille? Fainic an té ar mian leis srian a chur ar an rince.

Nuair a thugann tú faoin scríbhneoireacht, cad é a spreagann an scéal sa chéad áit?
Na féidearthachtaí. Bíonn, uaireanta, cnámha an scéil agam agus mé ag tabhairt faoi. Corruair ní bhíonn ach túsphointe agam, bíodh sin ina theideal nó ina chéadfhrása. Ón bpointe seo ar aghaidh, an rud is mó a spreagann mise ná an méid is féidir a chrochadh ar an gcreatlach lom sin. Siúlfaidh an scéal a bhealach féin as seo amach, ar chead nó ar neamhchead dom. Féidearthachtaí.
Seo do chéad úrscéal, an raibh do chur chuige scríbhneoireachta an-éagsúil ón saothar eile a scríobh tú go nuige seo?
Bhí, de riachtanas, ó bhí mé ag tabhairt faoi shaothar níos faide an iarracht seo. Bhí spás le líonadh, agus líonadh le seafóid gan dealramh é ar uairibh. Ní hionann is an saothar gairid, mar a bhíonn ciorrú agus dlúthú i gceist go minic. Thóg sé tamall orm dul i dtaithí ar an gcur chuige seo, ach é sin ráite, thaitin sé liom.
Cén leabhar Gaeilge is mó a thaitin leatsa le cúpla bliain anuas?
Neart leabhar. Tá bús faoi scríbhneoireacht na Gaeilge faoi láthair, agus an-rogha ag an léitheoir.
Ceannaigh cóip den leabhar, Fiche anseo