Scríobhann Siún Ní Dhuinn mar gheall ar a haistear le cothú cíche, ó na luathlaethanta go dtí an lá atá inniu ann, le gach thuas agus thíos seal san áireamh.
Níl mórán i saol na máthar seo a chothaíonn níos mó cainte ná cothú cíche. Bíonn cuid mhaith cainte faoi nuair a bhíonn an mháthair ag iompar clainne agus bíodh 'fhios nach mbíonn sé déanta d'aon ghnó, bíonn brú ann.
Bhí mé eolach ar na buntáistí ar fad a bhain leis, don leanbh agus don bhean. Cé go raibh mé oscailte le hiarracht a dhéanamh, bhí scéalta cloiste agam ó chairde agus daoine i mo theaghlach mar gheall ar na dúshláin a bhaineann le cothú cíche. Cosúil le gach rud eile a bhaineann le máithreachas, níl barúil agat cad atá romhat, go dtí go bhfuil tú ann. Nuair a tháinig Fódhla ar an saol de phreab, trí ghearradh Caesarach, dúirt mé leis an altra a bhí ag tabhairt aire dom go raibh mé ag iarraidh triail a bhaint as í a chothú mé féin. Ní fhéadfainn locht a fháil ar mhuintir an Rotunda ach ní raibh an t-am ag an bhfoireann tacú liom mórán agus bhí an chéad chúpla oíche dár saol le chéile tuirsiúil agus in amanna, strusmhar.
Chuaigh muid i dtaithí ar an gcothú agus bhí an t-ádh liom go raibh tacaíocht iontach agam ó mo chéile agus cairde eile liom chomh maith leis an altra a tháinig ar cuairt chun tí. Ní raibh an bóthar gan chasadh áfach, mar gheall ar an tslí éigeandála ar tháinig Fódhla ar an saol, bhí orm dul ar fhrithbheathaigh a chothaigh fadhb i soláthar mo bhainne nuair a bhí sí timpeall 6 seachtaine. B'éigean dúinn dhá oíche a chaitheamh san ospidéal agus í 10 seachtaine, tráth ar aimsigh an t-ospidéal an fhadhb sin. Tréimhse fíordheacair ab ea í.
Ina dhiaidh sin, chinn mé go gcloífinn leis an gcothú ach 'top up' den bhainne foirmle a thabhairt di lena meachán a ardú go gasta. Bhí 'fhios agam go raibh an cinneadh ceart á dhéanamh agam do mo chailín beag, bhraith mé go raibh ag teip orm mar mháthair, go pointe. Chabhraigh pumpa liom mo sholáthar bainne a ardú ach bhí go leor dua ag baint leis.
D'éirigh liom mo sholáthar a ardú agus d'fhill muid ar an gcothú cíche amháin, a bheag nó a mhór. Tá sí anois beagnach bliain go leith agus tá muid fós ag cothú, rud atá eisceachtúil go maith, feictear dom. In ainneoin go molann an WHO linbh a chothú go dtí go bhfuil siad tuairim agus dhá bhliain d'aois, ní chloítear leis rómhinic i, ar chúiseanna éagsúla.
Baineann cúis amháin leis an saol caipitlíoch ina maireann muid, áit a bhfuil brú ar mháithreacha ligint orthu nár tharla an t-athrú is mó ina saol, mar nach n-oireann sé don sochaí ina gcuirtear luachanna ar airgead a thuilleamh agus a chaitheamh. Murab ionann agus formhór an tsaoil, ní chosnaíonn cothú airgead agus dá réir, níl brábús le déanamh as.
Filleann roinnt mhaith máithreacha ar an obair agus cé go bhfuil go leor láithreacha oibre den tuairim go bhfuil siad ag tacú le tuismitheoirí, ní chloisim mórán faoi sholúbthacht maidir le cothú. Tá meon na hÉireann feabhsaithe maidir le cothú cíche ach tabú fós ann ach go háirithe agus an páiste níos mó ná bliain d'aois.
Anois go bhfuil Fódhla ar a cosa agus ag caint, is tréimhse eile ar fad é dúinn uilig. Is cailín beag fíorghnóthach í a chaitheann an lá ag rith thart agus ag fiosrú an domhain ina timpeall. Tá a hinchinn ag forbairt ar luas lasrach agus is ar éigean go bhfuil sí ann a cuid mothúchán a smachtú. Nuair atá an ceann caillte aici, tagann sí chugam le teacht ar ais chuici féin.
Feidhmíonn an chothú ar an gcíoch anois ar bhealach iomlán eile; deis é di socrú síos, scíth a ligean agus ceangail liomsa arís agus anuas air sin, bainimse sult as an am le suí síos sa chiúnas léi, gníomh radacach i saol an tuismitheora.