skip to main content

Dorn san Aer: Cath na mBannaí i gcomhar le RTÉ RnaG

Tá Dorn San Aer i gcomhar le Raidió na Gaeltachta sa tóir ar ghrúpaí agus ar cheoltóirí réabhlóideacha nua – an bhfuil ardán á lorg agatsa tusa nó do ghrúpa, agus seans le €2,000 a thabhairt 'na bhaile libh – chomh maith le bhur gcuid ceoil a bheith seinnte ar an raidió?

Beidh Cath na mBannaí ar siúl ag féile Dorn San Aer ar ardán speisialta in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill ar an Satharn 27 Meán Fómhair, 2025, idir 3-8pm.

dorn san aer

Comórtas ceoil ardáin é seo atá oscailte do ghrúpaí agus do cheoltóirí nuálacha a bhfuil rud éigin le rá acu. Agus tá duaiseanna móra le baint:

An chéad áit: €2,000

An dara háit: €500

An tríú háit: €300

An sibh an chéad Kíla, IMLÉ nó Kneecap eile? Nó ar mhian libh rud éigin iomlán nua a dhéanamh? Seo bhur seans – tá an t-ardán réidh agus tá muid ag súil go mór le sibh a chluinstin!

Chun iarratas a dhéanamh ar Chath na mBannaí líon isteach an fhoirm seo ar shuíomh Dorn san Aer.

Eolas breise ar fáil anseo