skip to main content

Buaiteoir Laoch na nGael fógartha

Tháinig an comórtas a mhair an samhradh ar fad agus inár chuala muid scéalta agus eolas faoi dhaoine a chuaigh go mór i bhfeidhm ar phobal na Gaeilge chun críche ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Chaith an pobal éisteachta vótaí ar son na ndaoine ar shíl siad a raibh an teideal Laoch na nGael tuillte acu agus fógraíodh gurb é Pádraig Mac Piarais a bhain an chéad áit sa chomórtas ar an gclár Tús Áite.

Is iad Rónán Mac Aodha Bhuí a bhí sa triú háit agus Dubhghlas de hÍde a bhí sa tarna háit. Labhair iondaithe an triúir, Dr. Feena Tóibín, An tOllamh Regina Uí Chollatáin agus Seán Ó Muireagáin linn ar an gclár faoin gcomórtas.

Ba í tOllamh Uí Chollatáin a labhair ar son an Phiarsaigh agus a chur síos ar an bPiarsach mar dhuine smaointeach a chur roimhe gach a thug sé faoi a bhaint amach go barr feabhais, ina measc siúd bhí an litríocht, an iriseoireacht agus an t-oideachas. Duine dúthrachtach agus ionraic ab ea é, dár léi.

Éist anseo leis an Ollamh Uí Chollatáin ag caint faoi thábhacht agus oidhreacht an Phiarsaigh ar an gclár níos luaithe sa samhradh.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences