skip to main content

Did Covid change how young people socialise?

RTÉ Intern, Bláthín Keena looks at how the pandemic changed the course of her life as a young person in Ireland ahead of Scannal, Golfgate.

The second episode of the new series of the much loved 'Scannal' airs on Tuesday, September 9th at 7pm on RTÉ ONE. ‘Golfgate’ reflects on the scandalous Golf Society dinner that took place in the Station House Hotel, Clifden, with some of the most politically influential people in Ireland in attendance.

Táim 24 bliana d’aois, agus ag féachaint siar ar mo thaithí le linn COVID agus na srianta a bhí ann, is féidir liom a rá gan aon amhras, go raibh tionchar ollmhór aige ar mo shaol. Nuair a fógraíodh an chéad dianghlasáil i mí Márta 2020, ba chóir go mbeadh orm m’ardteistiméireacht a dhéanamh i mí Meitheamh. Chaith mé sé bliana sa mheánscoil, agus is cuimhin liom a bheith i mo shuí i mo sheomra ranga, ag féachaint ar Leo Varadkar ag caint leis an tír go mbeadh dianghlasáil i bhfeidhm- níor chuala mé an téarma sin i mo shaol roimhe sin. Nuair a d’fhag mé an scoil an lá sin, níor fhill mé arís.

Tar éis cúpla mí, bronnadh grád tuartha don Ardteistiméireacht dúinn. Ba chóir go mbeadh orm an samhradh sin a chaitheamh ag dul ar laethanta saoire, ag bogadh go Gaillimh agus ag ullmhú chun freastal ar choláiste, ach chaith mé an samhradh sin i mo theach.

Independent TD Noel Grealish answers questions on the street. Scannal Golf Gate
Independent TD Noel Grealish answers questions on the street. Scannal Golf Gate

Chaith mé mo chéad bhliain sa choláiste sa bhaile, ag freastal ar na léachtaí ar líne. Déanann tú cairde saoil le linn bhlianta an choláiste, ach conas a dhéanann tú cairde tríd an scáileán? Ba chóir go mbeadh do chéad bhliain sa choláiste mar eachtra spraíúil, ag bogadh go dtí cathair nua, ag dul go dtí na pubanna agus clubanna oíche, ag bualadh le daoine nua, ach domsa, agus na mílte daoine eile m’ aois, baineadh an taithí sin uainn.

Fiú amháin nuair a d’fhreastail mé ar choláiste in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar champas i mí Mheán Fómhair 2021, bá chóir go mbeadh an tréimhse sin mar chúiteamh ar gach rud a chailleamar amach air, ach ní raibh sé mar sin- domsa ar aon nós. Bhí an chuid is mó de na clubanna oíche i nGaillimh dúnta mar gheall ar an bPaindéim, agus cé go raibh go leor pubanna eile ann, fós ní raibh sé mar a bhí sé roimh an bpaindéim.

Ón tréimhse sin ar aghaidh, is minic a smaoinigh mé: An bhfuil cultúr na hoíche déanach in Éirinn athraithe? An mbíonn daoine óga ag dul amach go minic? An raibh tionchar ar an bpaindéim ar ár saol sóisialta? An mbaineann daoine óga taitneamh as na clubanna oíche? Nó an fearr leo na hoícheanta ciúine sa bhaile le cairde, nó ag dul amach go dtí na pubanna deasa agus ciúine- domsa, b’fhearr liom an dara rogha.

Creidim go raibh tionchar ollmhór ar an bpaindéim domsa, agus mo ghlúin. Do mo ghlúin, is dóigh liom go bhfuil clubanna reatha, Pilates, caiféanna agus deochanna ciúine sa phub an rogha is coitianta don deireadh seachtaine, seachas dul isteach go dtí na clubanna oíche atá plódaithe. Nó, an meascán é- An bhfuil daoine óga níos feasaí fúthu féin agus an fearr leo meascán de na stíleanna maireachtála seo?

Craolfar Scannal, Golfgate Dé Máirt, 9 Meán Fómhair ag 7pm ar RTÉ ONE