skip to main content

'Onóir dochreidte': Áine Ní Ghlinn tofa mar bhall d'Aosdána

Áine Ní Ghlinn
Áine Ní Ghlinn

Tá an t-údar Gaeilge, Áine Ní Ghlinn anois ina ball den Aosdána. Cuireadh a hainm chun tosaigh le hochtar ealaíontóirí eile.

Tá aithne mhaith ag Gaeil na tíre ar Ní Ghlinn mar údar 36 leabhar agus mar thráchtaire ar chúrsaí litríochta i nGaeilge freisin. Ba í Laureate na n-Óg idir blianta 2020-2023 tráth ar thug sí faoi dhíriú ar leabhair Ghaeilge don óige a chur chun tosaigh.

I dteannta an údair, toghadh scríbhneoir eile, Nuala O' Connor, ailtire, Shih-Fu Pen, ealaíontóirí físiúla, Alan Gilsenan, Orla Barry and Locky Morris, an t-amhránaí Paul Brady agus an scríbhneoir agus stiúrthóir Paul Mercier agus an cóiréagrafaí Mufutau Yusuf.

Bíonn Áine Ní Ghlinn le cloisteáil go minic ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus í i mbun critice ar leabhair Ghaeilge do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon. Ag caint ar an gclár, dúirt Áine gur 'onóir dochreidte' a bhí ann di agus raibh sí ar bís a bheith páirteach san eagraíocht thábhachtach seo.

Ag caint orthu siúd atá páirteach sa eagraíocht, dúirt sí go raibh sí den tuairim nach raibh an oiread sin scríbhneoirí Gaeilge tofa ach gur chuir Eilís Ní Dhuibhne agus Theo Dorgan a hainm chun tosaigh agus go raibh sí 'ar bís' gur glacadh léi.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Tá 250 ball den Aosdána ann, réimse leathan do dhaoine cruthaitheacha a chuireann go mór le saibhreas ealaíonta na tíre seo.