Labhair Ríona Ní Churtáin, Léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoi Chaitlín Maude atá ainmnithe do Laoch na nGael ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Caith do vóta anseo
B'as Casla i gConamara i gContae na Gaillimhe Maude. Níor mhair sí ach 41 bliain ach sna blianta beaga sin, bhí sí ina haisteoir cumasach, file aitheanta chomh maith le ina gníomhaí teanga agus gníomhaí ar son chearta sibhialta don Ghaeltacht. Bhí sí lárnach freisin i mbunú scoil lán Ghaelach i dTamhlacht, i mBaile Átha Cliath.
Bhain Maude cáil amach mar aisteoir go speisialta i ndráma An Triail, le Mairéad Ní Ghráda. Deir Ní Churtáin go raibh sí chomh maith sin ag aisteoireacht go bhfuair sí moladh ó chritic Shasanach nach raibh aon Ghaeilge aige agus go léiríonn sin an cumas a bhí inti bacanna teanga a shárú.
Luaigh Ríona go bhfuil sí den tuairim go bhfuil filíocht Chaitlín Maude ar chomhchéim le filí Innti ach nach bhfuair an t-aitheantas céanna. Deir Ríona nach raibh Maude ach ina thús ina cuid filíochta ach nuair a cailleadh chomh hóg í gur tháinig stad tobann leis an tús sin. Ní bheadh 'fhios agat cad a bheadh againn, murach an bás anbaí a fuair sí.
Mhol Ríona don phobal vóta a chaitheamh ar son Chaitlín Maude mar go ndearna sí gaisce ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus gur dhein sí sin laistigh den tréimhse an-ghairid.
Fógrófar Laoch na nGael ar Tús Áite ar an gCéadaoin 10ú Méan Fómhair agus beidh cead vótail go dtí méanoíche ar an 9ú Méan Fómhair.