Tá muid ag cuartú daoine le Gaeilge a bhfuil spéis acu sa scríbhneoireacht nó i gcruthú ábhar do RTÉ. Má tá tú paiseanta faoin nGaeilge agus ábhar digiteach a chruthú, ba mhaith linn cloisteáil uait!
Tá éileamh mór ar ábhar digiteach Gaeilge agus tá RTÉ ag iarraidh guthanna nua a aimsiú leis an éileamh sin a shásamh.
Tá muid sa tóir ar dhaoine a chruthóidh ábhar tarraingteach, bríomhar, nuálach agus spréagúil dóibh siúd ar mhaith leo níos mó Gaeilge a fheiceáil agus a úsáid. Má éiríonn leat, beidh tú ag obair le heagarthóirí agus beidh deis agat do chuid smaointí a fhorbairt agus a fheiceáil ar ardáin RTÉ.
Ba mhaith linn cloisteáil uathu siúd a tógadh le Gaeilge chomh maith le daoine a d'fhoghlaim an Ghaeilge.
Obair íoctha í seo.
Cuir ríomhphost le sampla do do chuid scríbhneoireachta nó an t-ábhar digiteach a chruthaíonn tú chuig siun.nidhuinn@rte.ie