Labhair Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Liam Óg Ó hAnnaidh atá ar an ngearrliosta do Laoch na nGael.
Caith do vóta do Laoch na nGael anseo
Is as Iarthar Bhéal Feirste do Liam Óg nó Mo Chara, mar is fearr aithne air, agus tá cáil domhanda bainte amach aige mar bhall den ghrúpa Kneecap. Tháinig Liam Óg tríd an gcóras Ghaeloideachais ó thuaidh agus deir Ciarán go raibh Liam ag teacht in inmhe nuair a bhí seirbhísí óige i nGaeilge díreach ina thús.
D'oibrigh Ó hAnnaidh mar oibrí dheonach i nGlór na Móna agus ina dhiaidh sin, fostaíodh é mar oibrí óige, áit a raibh sé lán fuinnimh agus cruthaitheacha, mar a bheifeá ag súil leis, a deir Mac Giolla Bhéin. Léirigh sé a chuid scileanna ceannaireachta freisin agus é lárnach i mbunú chumainn éagsúla cosúil leis an gcumann iascaireachta agus an cumann cócaireachta freisin.

Bhí Liam páirteach sna feachtais cearta teanga faoin ngrúpa, An Dream Dearg agus deir Ciarán go bhfaca Liam Óg go raibh an Ghaeilge in áit na leathphingine ó thuaidh agus go raibh sé sásta troid ar a son.
Mhínigh Mac Giolla Bhéin go bhfuil an tionchar atá ag Liam Óg ar an óige thuaidh agus theas 'doiligh a mheas' mar go bhfuil sé chomh mór agus iad i lár an aonaigh go hidirnáisiúnta maidir lena seasamh do mhionteangacha chomh maith dár ndóigh, le cás na Palaistíne.
Deir Ciarán gur éirigh le Kneecap an Ghaeilge agus úsáid na Gaeilge a chlaochlú agus gur léirigh siad an chumhacht dochreidte atá ag na healaíona le meon na hÉireann a mhunlú. Dúirt sé go bhfuil 'féiniúlacht s'acu(Kneecap) frameáilte sa díchóilíneachas agus sa dlúthpháirtíocht'. D'fhulaing an banna toisc go raibh siad sásta cloí lena seasamh maidir leis an bPailistín.
Tá Liam Óg os comhair na cúirte agus sceimhlitheoireacht curtha ina leith sa Bhreatain agus deir Ciarán go bhfuil sé fós ag seasamh leis an rud a gcreideann sé ann.
Go pearsanta, deir Ciarán gur duine cúthaileach, croíúil, cruthaitheach é Liam nach ndearna dearmad ar a phobal ariamh.
Fógrófar Laoch na nGael ar Tús Áite ar an gCéadaoin 10ú Méan Fómhair agus beidh cead vótail go dtí méanoíche ar an 9ú Méan Fómhair.