skip to main content

Brú, baby, brú: Crá croí agus Crèche

Scríobhann Siún Ní Dhuinn faoi na deacrachtaí atá cruthaithe ag an ngéarchéim maidir le crèches dóibh siúd a bhfuil páistí óga acu.

Baineadh steangadh as go leor a léigh an scéal go bhfuil 40,000 páiste ag fanacht ar spás i gcrèche. Ach dóibh siúd a bhfuil páistí óga acu, ní raibh iontas ar bith orthu mar tá sé ar an gcloch is mó ar an bpaidrín le fada an lá. 'Sea, tá ainm mo chailín bhig i measc na n-ainmeacha sin.

Ba bheag a bhí ar eolas agamsa faoi linbh sula raibh mé ag súil le mo pháiste féin. Sílim go mbíonn go leor máithreacha agus athaireacha sa bhád céanna. A luaithe agus a fuair mé amach go raibh mé torrach, chuala mé go mbeadh orm spás i gcrèche a aimsiú. Rinne mé an rud a moladh dom a dhéanamh agus bhí mé ag cnagadh ar dhoirse na gcrèches áitiúla sula breis agus 6 mhí sula dtiocfadh mo chailín beag ar an saol.

Am leochaileach i do shaol is ea tréimhse an toirchis, an luath-thoirceas, ach go háirithe. Ní gach féatas a thagann chomh fada leis an saol seo, faraor. Chuimhnigh ar na máithreacha nár thug leanbh abhaile leo ón ospidéal ach a raibh a gcuid ainmneacha breactha síos do chúram leanaí acu agus an comhrá uafásach a bheadh ann dóibh ag glaoch orthu leis an spás sin a chur ar ceal.

Bhí an t-ádh linne agus tháinig m'iníon ar an saol i mí Márta na bliana seo caite. Thóg mise bliain saor ón obair le ham a chaitheamh léi ach bhí 'fhios agam go mbeinn ag filleadh i mí Aibreáin. Ceist eile ar fad é an 'rogha' fanacht sa bhaile le do pháistí mar feictear dom nach bhfuil mórán de rogha ag formhór againn nuair atá morgáistí agus billí arda le híoc, tá gá le dhá thuarastal.

Thosaigh mé ag cur ríomhphoist agus ag glaoch ar áiteanna anuas ar na cuairteanna. Is ar éigean go bhfuair mé freagra uatha agus nuair a fuair mé scéal ar ais, dúirt cuid acu go raibh mé ró-dhéanach ag clárú (bliain agus 8 mí sula raibh an spás uaim) agus cuid eile go raibh mé ró-luath agus go mbeadh orm filleadh orthu nuair a rugadh an leanbh. Nuair a rugadh an leanbh, rinne mé teagmháil leo arís agus dúradh liom go raibh mé ródhéanach.

D'imigh na seachtainí agus na míonna le linn mo thréimhse sa bhaile ar luas lasrach agus choinnigh mé orm ag cur glaochanna/ ríomhphoist agus ag bualadh isteach go hionaid éagsúla gan aon scéal dearfach ag aon áit dom.

Nuair a bhí an dáta go raibh mé ag filleadh ag druidim linn, bhí 'fhios agam go mbeadh orm rogha eile a fhiosrú. Níl mo mhuintir nó muintir mo chéile ar fáil le haire a thabhairt do pháiste go lán-aimseartha agus cé gur sin an nós anois, ní dóigh liom go bhfuil sé ceart gur mar sin atá an saol. Mar sin, thosaigh mé ag cuartú feighlí linbh a thógfadh páiste eile. Bhí an t-ádh dearg orainn gur aimsigh muid duine álainn, tuisceanach, grámhar a chuireann cúram iontach ar fáil dúinn. Tá muid sásta leis an socrú atá againn ach níl aon tacaíocht ar fáil ón stát maidir le táillí don bhfeighlí linbh, mar atá do na crèches tríd an scéim NCS. Tá mise agus mo chéile i bpostanna a bhfuil tuarastail réasúnta ag baint leo agus tá muid faoi bhrú na billí a íoc, gan trácht ar smaoineamh ar pháiste eile a thabhairt ar an saol.

Gheall polaiteoirí go socrófaí na fadhbanna seo, go laghdófaí táillí agus go mbeadh breis tacaíochta ar fáil do thuismitheoirí nuair a chuirfí iad i gcumhacht. Tá cuid de na polaiteoirí anois i gcumhacht le breis agus leathbhliain agus ní fheicim go bhfuil dul chun cinn ar bith déanta go nuige seo.

Tá ár gcuid páistí i gcroílár an tsaoil agus iad ag fás aníos, ba cheart dúinn a bheith in ann brath ar an stát chun cúram a sholáthar dóibh nach gcothaíonn níos mó brú don tuismitheoir atá ag filleadh ar an obair.