skip to main content

Cérbh iad Gen Z?

Sa tsraith nua Glúin Z, tabharfar léargas fuarchúiseach agus siamsúil ar an saol in Éirinn sa lá atá inniu ann mar a bhraitear agus mar a fheictear é don ghlúin óg seo.

D'fhás Glúin Z aníos i ndomhan agus i ré dhigiteach agus tugtar guth don ghlúin óg sin sa tsraith seo agus iad ag plé na rudaí is tábhachtaí dóibh sa saol - ó chúrsaí reatha, go dtí na slite a dtugann siad aire dóibh féin, an bealach a gcuireann siad iad féin in iúl agus na dúshláin agus na deiseanna atá amach rompu sa saol. Casann muid le daoine óga ina saol laethúil, iad i mbun gnó, ar scoil, ar an ollscoil, ag obair, ag feachtasaíocht agus i mbun chúramaí an tsaoil ag tréimhsí éagsúla den saol. Pléitear ábhair ar nós an costas maireachtála, dúshláin phearsanta, féiniúlacht agus todhchaí na hóige.

Deirtear gur iomaí craiceann a gcuireann an óige díobh agus is tréimhse shuntasach í i bhforbairt an duine. Is le linn na mblianta seo den saol a fhaightear an chéad bhlaiseadh den neamhspleáchas agus den saol mór, tréimhse rógaireachta, spraíúil agus dhúshlánach ina ndéantar roghanna tábhachtacha faoin saol oibre agus cúrsaí caidrimh.

Ar an gcostas maireachtála a dhírítear sa chéad chlár—costas atá ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine ar fud na tíre ar bhealaí éagsúla. Cuirfidh muid aithne ar thriúr agus ar an taithí éagsúil atá acu. Buailfidh muid le Colm, mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe atá ina chónaí i veain de bharr go raibh sé ag streachailt áit chónaithe a fháil dó féin ceal tithíochta. I nDún na nGall, labhróidh Aoibhín faoin ngnó atá aici sa Ghaeltacht agus faoin ádh atá uirthi a bheith in ann a bheith ina cónaí agus ag obair ón mbaile. Casfaidh muid le Sinéad atá ag streachailt post a fháil agus atá ag smaoineamh dul ar imirce. Déanfaidh siad cur síos ar an drochthaithí a bhí acu i dtaobh lóistín.

Sexy Tadhg atá páirteach sa chlár

Na dúshláin a bhíonn le sárú ag daoine óga sa lá atá inniu ann a bheidh faoi chaibidil sa dara clár. Buailfidh muid le Máirtín a dhéanfaidh cur síos ar an aistear deacair a bhí le déanamh aige agus é ag fás aníos agus ar an mbóthar fada atá amach roimhe go fóill. Míneoidh Cúnla, a fuair diagnóis uathachais, mar a chabhraigh an diagnóis leo tuiscint níos fearr a fháil orthu féin agus ar an domhan atá ag athrú timpeall orthu. Casfaidh muid leis an imreoir idirchontae peile, Fitzy, a chuireann cuid mhór brú air féin déanamh go maith i ngach gné dá shaoil, bíodh sin ar scoil, ar an bpáirc peile nó ina shaol sóisialta.

Ar chúrsaí féiniúlachta agus ar an gcaoi a gcuireann daoine óga iad féin in iúl a bheifear ag díriú sa tríú clár. Buailfidh muid le Sexy Tadhg, duine a chuir aithne níos fearr orthu féin tríd an gceol. Labhróidh Franz faoina óige ag éirí aníos sa Ghaeltacht agus faoin dá chultúr a bhí ina thimpeall ó tharla gur ón nGearmáin a athair agus gur ó Ghana a mháthair. Caithfear am in éineacht le Méin, mac léinn ollscoile atá ina cónaí i dTeach na Gaeilge i UCD. Deir sí go bhfuil sé cosúil lena háit dúchais sa Rinn mar go bhfuil sí go fóill báite sa traidisiún Gaelach idir cheol agus teanga.

An todhchaí, na dúshláin agus na deiseanna atá ann do 'Glúin Z' in Éirinn a bheidh faoi chaibidil sa cheathrú clár. Leanfaidh muid Barra, comhairleoir neamhspleách agus a aistear sa bpolaitíocht. Buailfidh muid le Clódagh, dalta scoile atá ag fiosrú an chineáil saoil atá amuigh ansin do na Gaeil óga nua-aimseartha, agus caithfidh muid am sa nádúr le hAoife, atá ag díriú ar chúrsaí timpeallachta agus ag iarraidh ceangal níos láidre a dhéanamh idir an cine daonna agus an domhan mór thimpeall orainn.

Páirteach sa gclár beidh Colm Ó hÓgáin; Aoibhín Ní Dheagha; Sinéad Ní Riain; Máirtín Ó Cathasaigh; Seán 'Fitzy’ Fitzgerald; Cúnla Ní Bhraonáin Morris; Tadhg Ó Griffin; Franz Sauerland; Méin Nic Craith; Clódagh Ní Mhocháin; Barra Ó hÉineacháin; Aoife de Bhál.

Glúin Z, TG4 Déardaoin 11 Meán Fómhair 8pm