skip to main content

Scéimeanna nua maoinithe fógartha ag an Oireachtas do na Taibhealaíona Teangabhunaithe Gaeilge

Féile Drámaíochta 2025
Féile Drámaíochta 2025

Tá An tOireachtas ag glacadh le hiarratais ar scéimeanna nua maoinithe dírithe ar fhorbairt agus ar chur chun cinn na dtaibhealaíon teangabhunaithe Gaeilge go náisiúnta.

Tá na scéimeanna ag freagairt do Phlean Gníomhaíochta Ceithre Bliana An Oireachtais (2024–2028) agus tacaíonn siad leis an bhfís atá leagtha amach sa Straitéis Náisiúnta d'Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge, arna fhoilsiú ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Cuirfear tacaíocht ar fáil do:

Chompántais drámaíochta pobail nua/seanbhunaithe leis an bpacáiste Fána, a chuimsíonn deiseanna meantóireachta, oiliúna agus slite comhoibrithe cruthaitheacha, agus leis an scéim urraíochta Ar Ardán do léirithe stáitse.

Tionscadail, imeachtaí agus ceardlanna pobail (lasmuigh den Ghaeltacht) faoi na scéimeanna urraíochta Fódú agus Ar Bharr do Theanga.

Tá fócas na scéimeanna dírithe ar shaothar ina bhfuil na taibhealaíona Gaeilge lárnach sa chur i láthair, i réimsí lena n-áirítear, agallaimh bheirte, lúibíní, scéalaíocht, filíocht, rapcheol agus amhránaíocht.

"Is céim eile iad i dtreo ardán láidir, feiceálach agus cuimsitheach a thabhairt do na taibhealaíona Gaeilge. Tá lúcháir orainn na scéimeanna seo a fhógairt, scéimeanna atá dírithe ar na healaíona teangabhunaithe Gaeilge a chothú agus a cheiliúradh i bpobail fud fad na tíre", a dúirt Muireann Ní Dhroighneáin, Comhordaitheoir Náisiúnta Taibhealaíon an Oireachtais. "

Táimid ag súil go mór le heagsúlacht na n-iarratas, le bheith ag obair le páirtnéirí náisiúnta san earnáil, le healaíontóirí gairmiúla, ionaid ealaíon agus chultúrtha, grúpaí pobail agus le himeachtaí samhlaíocha, cruthaitheacha, suimiúla a reáchtáil fud fad na tíre"

Spriocdháta d’iarratais: Dé Luain, 29 Meán Fómhair 2025

Foirm iarratais & tuilleadh eolais anseo