skip to main content

'Fear déanta míorúiltí' Gearóid Ó Cairealláin do Laoch na nGael?

Labhair Máirtín Ó Muilleoir ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Ghearóid Ó Cairealláin, nach maireann, atá ainmnithe do Laoch na nGael.

Caith do vóta anseo

Labhair an tIarmhéara ar Bhéal Feirste faoi na heagraíochta ar fad a bhunaigh Ó Cairealláin; i measc na n-eagraíochtaí sin bhí Lá, nuachtán Gaeilge laethúil, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, ar Bhóthar na bhFál, Meánscoil Feirste, an compántas drámaíochta, Aisling Ghéar agus eagraíochtaí eile le háireamh

Cailleadh Gearóid Ó Cairealláin anuraidh ach le linn a shaoil, deir Ó Muilleoir gur chreid Ó Cairealláin san fhiontraíocht neamhbhrabúsach agus ní hamháin an n-aithnítear Ó Cairealláin mar fhear ceannródaíoch ach mar fhear dhéanta míorúiltí.

Tá cáil ar iarthar Bhéal Feirste mar cheantar Gaeltachta agus mar áit a bhfuil an pobal lárnach ann agus tá Ó Muilleoir den tuairim nach mbeadh an pobal sin ann gan Ó Cairealláin mar go ndeachaigh seisean agus a fhís don cheantar go mór i bhfeidhm ar dhaoine.

Máirtín Ó Muilleoir

Duine mór ealaíne ab ea Gearóid freisin, b'aisteoir, scríbhneoir, iriseoir agus dramadóir é freisin. Thuig sé tábhacht na n-ealaíon agus dá réir, bhí sé in ann cúrsaí Gaeilge i mBéal Feirste a cheangail le cúrsaí ealaíne, rud a dhaingnigh a luach sa phobal a bhí ag teacht chucu féin i ndiaidh na dTrioblóidí.

'D'inis Gearóid an fhírinne go lom'

Cuireadh Ó Cairealláin go príosún ag pointe amháin mar gur dhiúltaigh sé Béarla a labhairt agus ghlac sé seasamh i gcoinne na n-údarás maidir leis an meon frithghaelach a bhí acu sna sé chontae.

Ag caint ar phearsantacht Ghearóid, dúirt Máirtín gur thaitin an chraic leis agus gur thuig sé tábhacht an chomhluadair, ní naomh a bhí ann ach ba é croí na cuideachta é.

Fógrófar Laoch na nGael ar Tús Áite ar an gCéadaoin 10ú Méan Fómhair agus beidh cead vótail go dtí méanoíche ar an 9ú Méan Fómhair.