D'fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, na leabhair atá ainmnithe ar na gearrliostaí do Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).
Tá naoi leabhar déag (19) ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo – 6 leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, 6 leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe agus 7 leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló. Bhain 10 Teach Foilsitheoireachta éagsúil gearrliostaí na bliana amach. Is iad na tithe foilsitheoireachta atá i gceist ná: An tSnáthaid Mhór; Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Cork University Press; Dalen Éireann; Éabhlóid; Futa Fata; Leabhar Breac; LeabhairCOMHAR agus Picnic Press. Tá liosta iomlán de na leabhair atá gearrliostaithe ar fáil thíos.
Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas speisialta Dé Máirt, 30 Meán Fómhair 2025 in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, i nGaillimh.
GEARRLIOSTA GHRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN
FICHE le Colm Ó Ceallacháin, foilsithe ag Leabhar Breac – Is úrscéal grá agus tragóid é a suitear i saol comhthreomhar, ach nach bhfuil ródhifriúil, le saol ár linne féin. Bhuaigh an t-úrscéal seo duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa Chomórtas Úrscéal Ficsean Liteartha agus sa Chomórtas Buaic-Saothar Próis sa bhliain 2023.
TEACHT ANIAR le Dairena Ní Chinnéide, foilsithe ag Éabhlóid – Sa chnuasach dánta seo feictear meascán dánta atá cumtha ag an bhfile le scór bliain anuas, chomh maith le dánta úrnua. Tá cúis pearsanta le gach dán atá mar chuid den chnuasach álainn seo.
GLÓR ÓN SCEILG curtha in eagar ag Máirín Nic Eoin & Mary Shine Thompson, foilsithe ag Cork University Press – Cnuasach próis agus filíochta ó ocht gcinn de bhunleabhar Gaeilge, Micheál Ua Ciarmhaic, idir 1984 agus 2000, seachas dánta a foilsíodh i nduanaire cuimhneacháin i ndiaidh a bhás.
AN GHLUAISEACHT: SCÉAL CHEARTA SIBHIALTA NA GAELTACHTA le Rónán Mac Con Iomaire, foilsithe ag Cló-Iar Chonnacht – Scéal corraitheach na Gluaiseachta, idir bhunú stáisiún raidió mídhleathach, ionsaithe ar pholaiteoirí, seilbh glactha ar fhoirgnimh rialtais, círéibeacha le Gardaí, feachtais toghchánaíochta, buamáil agus máirseáil. Scéal iomlán faoi nglúin radacach a sheas ar son chearta mhuintir na Gaeltachta.
RINCE AEIR le Caitríona Ní Chléirchín, foilsithe ag Éabhlóid – Cnuasach dánta a bheireann greim ar an léitheoir lena dhrámatúlacht liriceach agus a shamhlaoidí cumhachtacha. Ón nochtadh scanrúil ar phian agus ar uamhan mná sna dánta tosaigh, tugann an cnuasach ar thuras beatha sinn trí bhóithre corracha an ghrá agus an uaignis dhaonna.
BÓDLÉAR le Darach Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac – Ceiliúradh ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrainc is ea Bódléar, agus úrscéal a phléann leis an athrú ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ón 19ú haois go dtí ár linn féin. Buaiteoir de chuid Chomórtas Úrscéal Ficsean Ginearálta i gComórtas Liteartha an Oireachtais, 2024.
GEARRLIOSTA GHRADAM RÉICS CARLÓ
NELL AGUS JOE I dTEACH MHAMÓ le Sadhbh Rosenstock agus maisithe ag Ciara Ní Dhuinn, foilsithe ag Picnic Press – Tá Nell agus Joe ag fanacht thar oíche i dteach Mhamó den chéad uair riamh. Céard a dhéanadh Mamó chun iad a chur ar a sáimhín só nuair a bhuaileann an t-imní iad. Scéal grámhar, chun an ceann is fearr a fháil ar an imní a bhíonn orainn mar ghasúir.
ÓRÓ le hAlan Titley agus maisithe ag Dómhnal Ó Bric, foilsithe ag Leabhar Breac – San eachtra scleondrach chorraitheach seo, éalaíonn ógánach ar bhord loinge agus téann sé thar farraige siar sa tóir ar ór El Dorado. Arís eile, cruthaíonn Titley a shárchumas scéalaíochta, agus cuireann sé cosa faoina shamhlaíocht a thugann thar an aigéan sinn go hoileáin rúnda — ina gcastar ollphéisteanna orainn agus nithe nach iad!
CEOL NA MARA le Tadhg Mac Dhonnagáin agus maisithe ag Tarsila Krüse agus Úna Woods, foilsithe ag Futa Fata – Cnuasach álainn amhrán bunaithe ar théama na farraige, curtha i láthair ag Tadhg Mac Dhonnagáin, Caitlín Ní Chualáin agus páistí scoile as Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Tá amhráin nuachumtha i gceist agus rinneadh meascadh fuaime nua ar na seanchlasaicí ar nós Cé a Chlúdaigh Mé le Gaineamh? agus Raghnall Rón.
DIALANN EMILY PORTER: CAILLTE AGUS AIMSITHE le Richie Conroy agus maisithe ag Don Conroy, foilsithe ag LeabhairCOMHAR – Sa scéal seo, faigheann Emily taithí ar rotha mór an tsaoil. Filleann sí ar an gcoláiste samhraidh ach mar fhostaí an uair seo agus tugtar léargas úr di ar shaol na Gaeltachta. Ní bliain chompordach í seo i saol an déagóra ach, tríd an t-anró, na dúshláin agus an crá croí, fásann Emily ó bhun go barr.
NANO AGUS NA MOTHÚCHÁIN le Caitríona Nic Sheáin agus maisithe ag Andrew Whitson, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór – Is pictiúrleabhar chairtchláir, Nano agus na Mothúcháin, atá cruthaithe do lámha beaga. Tá an leabhar seo, sa tsraith Nano, láidir go leor le nach ndéanfaidh fiacla nó méara beaga é a stróiceadh nó a chogaint. Is féidir leis na croíthe beaga céanna titim faoi gheasa Nano. Scéal gleoite faoi na mothúcháin agus faoin chairdeas.
ÉANNA CORR le hAntain Mac Lochlainn agus maisithe ag Caomhán Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac – Duine ar an imeall is ea Éanna Ó Corra. Aonarán i measc na ndaltaí eile i bPobalscoil na Carraige. Cuirtear casadh i scéal Éanna nuair a thagann dalta nua chun na scoile… Úrscéal do dhéagóirí a thugann aghaidh ar shaol ár linne – an t-uaigneas, an bulaíocht agus an misneach a bhfuil gá leis chun tabhairt faoin saol.
BEARRADH GRUAIGE D’EOINÍN le Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Róisín Hahessy, foilsithe ag Futa Fata – Is é seo an ceathrú leabhar sa tsraith Eoinín. Tá bearradh gruaige ag teastáil ón uainín beag Eoinín. Tá a chuid gruaige le níochán, le bearradh agus le triomú. Ach teastaíonn cúnamh óna chuid léitheoirí óga!
GEARRLIOSTA GHRADAM DE BHALDRAITHE
NA DRAOITHE 1: NA HÍOBAIRTÍ OGHAIM le Jean-Luc Istin, Thierry Jigourel & Jacques Lamontagne agus aistrithe ag Eoin P Ó Murchú, foilsithe ag Dalen Éireann – Tá creideamh nua na hEaglaise Ceiltí ag ruaigeadh chreideamh na bpágánach. Tá an Draoi Fionnalán sáite i gcath rúndiamhrach le manaigh naimhdeacha a chuireann constaicí baolacha roimhe, ach seasann na seandéithe fós leo sin a chreideann iontu.
TÍR BHEAG le Gael Faye agus aistrithe ag Antain Mac Lochlainn, foilsithe ag Barzaz – Agus é ag fás aníos sa Bhurúin in 1992, tá Gabriel óg beag beann ar an teannas polaitiúil ina thimpeall. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, faic na fríde ag cur isteach orthu. Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i dtír dhúchais mháthair Gaby, Ruanda.
SARAIFÍN 1: SARAIFÍN IS A MHÓRSHAOTHAR IONTACH le Philippe Fix agus aistrithe ag Seaghan Ó Modhráin, foilsithe ag Dalen Éireann – Tá saol deas ag Saraifín a chaitheann sé go sásta in éineacht lena dhlúthchara Mothall. Ach cuirtear i bponc gan choinne é nuair a thagann cruachroíocht daoine áirithe salach ar an bhfonn atá air feabhas a chur ar an saol.
PÁIRC AN CHRÓCAIGH: DOMHNACH NA FOLA I MBAILE ÁTHA CLIATH le Sylvain Gâche & Richard Guérineau agus aistrithe ag Antain Mac Lochlainn, foilsithe ag Dalen Éireann - Ar an 21 Samhain 1920, bhí cluiche mór dúshláin idir Tiobraid Árann agus Baile Átha Cliath le himirt i bPáirc an Chrócaigh. An maidin sin rinne an IRA sléacht ar oifigigh de chuid ainm na Breataine . Bhí na Dúchrónaigh cinnte de go mbeadh na marfóirí i measc an tslua i bPáirc an Chrócaigh agus chrom siad láithreach ar dhaoine den lucht féachana agus den dá fhoireann a scaoileadh. In 2007, den chéad uair riamh, bhí rugbaí le himirt i bPáirc an Chrócaigh agus cluiche i gcoinne Shasana le bheith ann. Músclaíodh cuimhní pianmhara ar Dhomhnach na Fola.
GLÓRTHA AN TRÁTHNÓNA le Natalia Ginzburg agus aistrithe ag Máire Ní Mhaoláin, foilsithe ag Éabhlóid – Scéal atá suite i mbaile tuaithe in iarthuaisceart na hIodáile sna 1940í. Ríomhtar an scéal trí shúile mná óige, agus faightear spléachadh ar a saol siúd agus ar shaol na gcomharsan, go háirithe ar imeachtaí an dream ar leo an mhonarcha.
LÚCAS LÚFAR: AN GLASACH le Rene Goscinny & Morris (Maurice de Bevere) agus aistrithe ag Antain Mac Lochlainn, foilsithe ag Dalen Éireann - Is Sasanach uasal é Beinidict Badmantan, atá tagtha go hiarthar Mheiriceá chun cónaí sa rainse a d'fhág a uncail aige. Tá sé meáite ar shaol nua a thosú i measc na mbuachaillí bó, is cuma cé acu fáilte nó doicheall atá roimhe. Tugann Lúcás Lúfar neart comhairle agus cúnaimh dó chun dul i ngleic leis an gcomhcheilg atá ceaptha ag Taidhgín Gaimbín.