skip to main content

Éist siar: Listen to Kneecap's first RTÉ interview in 2018

Labhair Móglaí Bap agus Mo Chara le Rónán Mac Aodha Bhuí, nach maireann, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 2018 faoin gcéad amhrán a chur siad amach C.E.A.R.T.A agus na pleananna a bhí acu don todhchaí ag an am.

Bhí Rónán i mbarr a réime agus é ag caint leis an mbeirt, Naoise Ó Cairealláin agus Liam Óg Ó hAnnaidh a chur amach a gcéad amhrán agus cé go ndeir siad san agallamh nach raibh aon phlean ann ag an am, ba léir go raibh siad ag baint suilt as an éileamh a bhí ar a gceol. Ag an am, deir siad gur fhéach breis agus 100,000 duine ar an bhfíseán do C.E.A.R.T.A agus YouTube agus 130,000 ar Facebook, ag an am. Suíonn an figiúr sin ag 2.4 milliún ar YouTube i láthair na huaire.

'níl plean ar bith againn'- Móglaí Bap, 2018.

Mhínigh siad do Rónán go raibh C.E.A.R.T. A agus na hamhráin eile a bhí le cur amach acu bunaithe ar eachtraí a tharla dóibh ina saol agus le píosa beag áibhéile curtha leis. Carachtair atá sa bheirt a deir siad ach bunaithe orthu féin.

Rónán Mac Aodha Bhuí, nach maireann

Níor shíl siad ariamh go mbeadh éileamh ar an gcéad amhrán, gan trácht ar an scéal a thit amach sna blianta a lean. 'Bhí 'fhios againn gur bhain muidinne sult as, sin é', a deir Liam Óg ag an am.

Craoladh an mhír seo ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.