D'fhógair an Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael Seán Kelly ar an gclár Adhmhaidin go raibh a ainm á chur chun tosaigh aige do Rás na hUachtaránachta.
Deir Kelly go bhfuil rudaí athraithe le tamall anuas ó d'fhógair Mairéad Mc Guinness ón bpáirtí chéanna go raibh uirthi tarraingt amach as an rás mar gheall ar chúinsí sláinte. Deir Kelly go bhfuil brón air go raibh ar Mc Guinness éirí as an bhfeachtas mar go raibh sé ag iarraidh tacú agus cabhrú léi dul chomh fada leis an Áras.
Ó shin i leith, deir an Feisire go bhfuil a lán tacaíochta léirithe ag daoine ina thaobh agus go bhfuil siad á mholadh mar rogha don chéad Uachtarán eile, ag teacht i gcomharbacht ar Mhícheál D. Ó hUigínn.
Tá Kelly den tuairim go bhfuil taithí aige in rólanna a bheadh oiriúnach, a chuid ama mar Uachtarán ar an gCumann Lúthchleas Gael, mar shampla. Luaigh sé freisin go bhfuil tábhacht faoi leith ann don ról go bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige agus meas aige ar an gcultúr. Ag caint ar an nGaeilge, deir sé gur shíl sé go mbeadh formhór de mhuintir na hÉireann den tuairim gur cheart go mbeadh Gaeilge ag an gcéad Uachtarán eile.

Ag caint ar an tréimhse a bheadh aige mar Uachtarán, tréimhse seacht mbliana, deir sé go bhfuil an fuinneamh agus an sláinte aige chuige freisin. Cé nár éirigh le Fine Gael polaiteoir dá chuid a chur san Áras, deir Kelly go bhfuil neart tacaíochta ann nuair a bhíonn páirtí taobh thiar duit san fheachtas agus gur sprioc é dóibh Uachtarán a bheith acu. Chuir Kelly béim ar ról an Uachtaráin mar ról atá ann do gach duine in Éirinn.
Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9