Labhair muid le Pat Garry atá ag obair mar threoraí ar 14 Henrietta Street, músaem a thugann léargas ar shaol chathair Bhaile Átha Cliath.
Cosúil le go leor daoine a thagann ar cuairt chuig 14 Henrietta Street, tá ceangail ag an treoraí, Pat Garry leis an áit. D'fhás a sheanthuismitheoirí aníos in árasán tionóntáin i gcroílár na cathrach. Spreag sin an spéis mhór atá ag Pat sna daoine, sna scéalta agus san oidhreacht a d'fhág na tionóntáin ar an gcathair.
14 Henrietta Street is a social history museum of Dublin life, from one building's Georgian beginnings to its tenement times. We connect the history of urban life over 300 years to the stories of the people who called this place home.
Like many of the visitors to 14 Henrietta Street, guide Pat Garry has a family tie to the tenement museum. His own grandparents grew up in a tenement house and its legacy had always interested him. He says many of the people who take the tours are shocked by the conditions in which many of the city dwellers lived. He said up to 100 people lived in 14 Henrietta Street in 17 apartments in dark, dank conditions.
Cé go bhfuil cuid mhór athraithe sa chathair ó bhí daoine ina gcónaí in 14 Henrietta Street, aithníonn Garry go bhfuil cuid de fadhbanna atá ann maidir le tithíocht sa tír seo ag meabhrú dúinn nach bhfuil deireadh tagtha le droch-choinníollacha do dhaoine.
Housing conditions have improved a lot since the days of the tenement houses but Pat remarks that the current housing crisis means there are many people living in poor conditions now too.

Is cuimhin le Pat cuairt a thabhairt ar na tionóntáin agus é ina óige agus deir sé go mbíodh boladh uafásach san áit agus go mbíodh siad dubh dorcha an t-am ar fad. Bhíodh líon mór daoine ag cur futhu sna háiteanna seo agus iad a mullach ar a chéile, ag pointe amháin, bhí breis agus céad duine ina gcónaí i bhfoirgneamh le 17 arasán ann. Tá claonadh ag roinnt daoine a rá agus iad ag cuimhniú siar ar Éirinn sna blianta seo gurb iad seo na 'good old days' ach meabhraíonn Pat dúinn go raibh rudaí go holc, daoine beo bocht agus ag fáil bháis luath ina saol, gan mórán seirbhisí poiblí ann dóibh.
Pat says some people are nostalgic about the 'good old days' in Ireland but he says those who take the tour are reminded that there wasn't much good about how those in the tenements lived, often on the breadline or below, with many mouths to feed.
People who lived in the tenements often had very little money but took good care of each other, says Pat. That sense of community that existed around the city centre is all but gone says Pat,' most neighbours don't know each other now.'
Tagann daoine as gach cearn den domhan leis an músaem a fheiceáil ach bíonn duine nó beirt gar gach turas a raibh duine dá shliocht ag cur futhú i dtionóntáin agus atá fiosrach faoin áit. Cuireann na coinníollacha maireachtála atá caomhnaithe in 14 Henrietta Street iontas agus sceon ar dhaoine a théann ar cuairt ann. Ní raibh mórán ag daoine sna laethanta seo, ní raibh mórán éadaí acu, nó troscán fiú. Bhíodh na mná go minic ag obair in monarchan éadaí agus na fir ag obair ar longa agus gan mórán cearta acu ag an am. Bhíodh saol simplí acu, rud dearfach a bhí acu atá imithe i léig sa chathair, dar le Pat ná an meas ar an bpobal. Bhíodh daoine ag brath ar a chéile, ní fheiceann tú páistí óga amuigh ar na sráideanna níos mó, a deir sé.
Bhí éileamh ar an turas timpeall 14 Henrietta Street i nGaeilge, ní hamháin do Ghaelscoileanna ach d'fhoghlaimeoirí na teanga agus cainteoirí líofa freisin. Tagann daoine as gach cearn den domhan leis an léargas a fháil ar an saol a bhí ag cuid mhór de mhuintir na cathrach ag am amháin.
Cuir ticéad in áirithe do thuras i nGaeilge anseo