Sheol TG4 Sceideal an Fhómhair 2025 i bPictiúrlann an Lighthouse i Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath agus nochtadh séasúr a bheidh lán le daoine nua, scannáin nua Ghaeilge, cláracha faisnéise cumhachtacha, spórt beo agus cláracha samhlaíocha do pháistí.
Tugtar ardán i sceideal na bliana seo do mheascán éagsúil de scéalaíocht spéisiúil, ó phortráidí agus aistir chultúir go drámaíocht ar an scáileán mór agus fiosrúcháin shóisialta.
Tá an séasúr seo leagtha amach chun léargas a thabhairt ar shaol mhuintir na hÉireann sa lá atá inniu ann, beag beann ar a chasta is atá an saol sin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar a gcruthaitheacht, chun na dúshláin a bhaineann leis a scrúdú, agus na háiteanna, na daoine agus na miotais a mhúnlaíonn an saol sin a fhiosrú.
Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: "Léiríonn Sceideal an Fhómhair 2025 TG4 láidreachtaí TG4 mar bhranda meán seirbhíse poiblí a bhfuil muinín ann. Tugaimid tús áite do chruthaitheacht na Gaeilge, do scéalta a bhfuil tábhacht leo agus do luach ar airgead poiblí. Tugann TG4 dearcadh ar leith ar shaol na hÉireann mar aon le feiceálacht agus stádas don Ghaeilge sa mhargadh meán cumarsáide domhanda seo a bhfuil an Béarla i réim ann.

Beidh an ceol agus an cultúr i lár an aonaigh in Ceol ón gCré, scrúdú ceoil ar thraidisiúin mhuintir na tuaithe arna chur i láthair ag Nell Ní Chróinín; agus in David Keenan – Focla ar Chanbhás, beifear i dteannta an amhránaí-scríbhneora ar feadh 500 lá agus é ag cumadh agus ag cruthú ceoil.
Déantar an nádúr agus an stair a fhí ina chéile sa gclár suaithinseach Oileán Glas, Fásach Bán le hEoin Warner ina léirítear domhan faoi cheilt fhiadhúlra Bhoirne; fiosrúchán fileata é Aillte, ar aillte na hÉireann; agus in Ag Lorg Hy-Brasil, tugtar spléachadh ar oileán miotasach i gConamara agus ar an ábhar inspioráide a bhí ann lena chur ar aghaidh le taispeántas na hÉireann ag Biennale na Veinéise. Anuas air sin go léir ansin tá, Dath an Fhómhair, ceiliúradh ar an mbeocht agus ar an teacht aniar a bhíonn i ndaoine níos sine. Cuirfear aithne ar dhaoine spreagúla nach aon bhac dóibh é a bheith ag dul in aois. Bíonn siad ag rothaíocht, ag damhsa, ag ceol agus ag déanamh neart eile.