Labhair an tOllamh Regina Uí Chollatáin faoi thábhacht agus oidhreacht Phádraig Mhic Piarais ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é ar ghearrliosta Laoch na nGael.
Caith do vóta do Laoch na nGael anseo
Duine de mhór laochra Éirí Amach na Cásca 1916 ab ea an Piarsach a cuireadh chun báis as a ról san eachtra sin. Duine ceannródaíoch amach agus amach ab ea é freisin, a dúirt an tOllamh Uí Chollatáin ach luaigh sí freisin go raibh sé 'iontach dian i gcónaí' air féin, freisin.
Bhí cúlra Sasanach ag an bPiarsach, dealbhóir a athair a bhí ceannródaíoch ann féin maidir le smaointeoireacht na saoirse, rud a ndeachaigh i bhfeidhm go mór ar a mhac, dár le Regina. 'Bhí feith na healaíona ann go láidir', a deir sí faoi agus chreid sé gur cheart do mhuintir na hÉireann an fhís a bhí acu a leanúint agus an neamhspleáchas a bhí ag dul dóibh a bhaint amach.

Chuir an tOllamh Uí Chollatáin síos ar an bPiarsach mar dhuine smaointeach a chur roimhe gach a thug sé faoi a bhaint amach go barr feabhais, ina measc siúd bhí an litríocht, an iriseoireacht agus an t-oideachas. Duine dúthrachtach agus ionraic ab ea é, dár léi.
Maidir lena ról i gcúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais, dúirt sí gur ghlac Mac Piarais dearcadh 'níos leithne' maidir le hoideachas a sholáthar ag leibhéal idirnáisiúnta. Chaith sé am i dtíortha eile ag scrúdú chórais oideachais eile agus dá réir, d'fháiltigh sé roimh an cur chuige dátheangach i scoileanna in Éirinn.
Fógrófar Laoch na nGael ar Tús Áite ar an gCéadaoin 10ú Méan Fómhair agus beidh cead vótail go dtí méanoíche ar an 9ú Méan Fómhair.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.