Tugann Seachtain na hOidhreachta deis dúinn spléachadh a thabhairt ar na seoid áille atá sa tír seo. Tá imeachtaí Gaeilge i measc na n-imeachtaí is spleodraí agus is spéisiúla i mbliana. Níl ansoe ach blaiseadh den réimse leathan atá ag tarlú timpeall na hÉireann don tseachtain speisialta seo.
Léamh bríomhar fuinniúil anamúil as a chuid scríbhinní le Scríbhneoir Cónaithe Ollscoil Mhá Nuad/Comhairle Contae Chill Dara, Ré Ó Laighléis.Léifidh an t-údar Re Ó Laighléis as réimse dá shaothair iomadúla – 'Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór' /’ Máchail’ /’ Ecstasy’ / ‘Gafa’ / ‘Goimh agus scéalta eile’ etc.
21 Lúnasa, 6:30pm - 7:45pm, Kildare Town Community Library
Turas Farraige don teaghlach le Moontour
Tabharfar an teaghlach amach chun na farraige le níos mó a fhoghlaim faoin nádúr san fharraige. This is a bilingual experience. Suitable for kids aged 10 and up.
24 Lúnasa, 11:30am - 1:45pm, Moontour, Coal Harbour Car Park, Dún Laoghaire Harbour,

Turas treoraithe dátheangach faoi Fhiadhúlra i bPáirc an Fhionnuisce
Mas rud é go bhfuil suim agat sna crainn agus na hainmhithe i Páirc an Fhionnuisce seo é an turas duit- turas tri mheán an Bhéarla agus na Gaeilge. Everyone is welcome on this bilingual tour of the biodiversity of the park. If you have an interest in the trees and animals of the Phoenix Park then this is the tour for you.
21 Lúnasa, 12pm agsu 24 Lúnasa, 3pm ag Phoenix Park Biodiversity Centre, Knockmaroon Gate
Téigh ar thuras treoraithe ar Theach Sholais Fhánada ina gcloisfidh tú faoi scéalta na farraige agus na daoine a mhair sa teach solais. Bain sult as na radharcanna áille ón teach solais cáiliúil seo agus lig do scíth ina dhiaidh sin sa chaifé atá ann.
23 Lúnasa, 2pm Fanad Lighthouse
Faigh amach faoi níos mó imeachtaí Gaeilge atá ar siúl le linn Sheachtain na hOidhreachta anseo