Labhair Shubangi Karmakar ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na Ionsaithe ar Indígh in Éirinn i láthair na huaire.
I measc na n-ionsaithe atá tarlaithe le tamall de sheachtainí anuas, bhí ionsaí ar chailín beag sé bliana i bPort Láirge agus ionsaí ar fhear i dTamhlacht freisin. Cuireadh an lá bliantúil ceiliúrtha do mhuintir na hIndiain Éirinn ar athló mar chomhartha measa d'íospartaigh.
Mhínigh an dochtúir leighis agus abhcóide Karmakar go bhfuil fíoreagla ar an bpobal Indiach in Éirinn ach chomh maith le sin go dtí pobail eile ar nós muintir na Pacastáine, muintir na na hAfganastáine agus muintir Banglaidéise atá ag cur futhu anseo freisin.
Dár leis an Dr. Karmakar, tá tionchar ag na fadhbanna sóisialta atá in Éirinn faoi láthair, mar shampla an ganntanas tithíochta, na fadhbanna sa chóras leighis agus go síltear go bhfuil an locht ar dhaoine atá tagtha chuig an tír seo, ar nós muintir na hÁise.

Croí na ceiste seo ná an ciníochas, dar le Dr. Karmakar, fadhb atá ag fás in Éirinn le blianta beaga anuas. Luaigh an Dr Karmakar gur fhulaing sí féin ionsaí ciníoch agus í i mbun traenála le bheith ina dochtúir i mBaile Átha Cliath.
Luaigh an Dr Karmakar gur fhulaing sí féin ionsaí ciníoch agus í i mbun traenála le bheith ina dochtúir i mBaile Átha Cliath. Ag caint ar an ionsaí seo, dúirt sí nach raibh na Gardaí sásta an eachtra a fhiosrú i gceart, dár léi.
'ní fadhb nua í seo ach ceann atá ag dul in olcas'
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.