Labhair Seán Ó Muireagáin ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina chara, Rónán Mac Aodha Bhuí, nach maireann, atá ar ghearrliosta do Laoch na nGael.
Caith do vóta do Laoch na nGael anseo
Bhí aithne mhaith ag pobal na Gaeilge ar Rónán mar chraoltóir, mar chara agus mar Rí An Chiorcail Chraiceáilte. Labhair Seán Ó Muireagáin faoin bhfís láidir a bhí ag Rónán daoine a thabhairt le chéile le Gaeilge a labhairt lasmuigh de shuíomhanna acadúla.
Dúirt a chara mór gur éirigh leis daoine nach raibh mórán teagmháil eatarthu a thabhairt le chéile ar son na teanga agus na réabhlóide, mar a déarfadh Rónán féin. Cheangail lucht na nGaeltachtaí le lucht labhartha na Gaeilge sna cathracha le fís Ghaelach amháin. Tá cáil Rónáin mar chraoltóir fágtha ina dhiaidh aige agus dúirt Seán gur athraigh sé Raidió na Gaeltachta trí chéile.
'Thug sé saol na Gaeilge dúinn'
Bhí spéis mhór ag Mac Aodha Bhuí i gceol i nGaeilge agus rinne sé gach iarracht ardán a thabhairt do cheoltóirí agus amhránaithe, leithéidí Boss Sound Manifesto, Bréag, IMLÉ, KÍLA agus dár ndóigh, Kneecap.
Chuir Seán béim ar an tionchar mór a bhí ag Rónán ar an aos óg. Dúirt sé gur thuig Rónán gur i measc na ndaoine óga a bhí todhchaí na Gaeilge. Luaigh sé leithéidí Féile na Gealaí agus an Puball Gaeilge ag EP chomh maith le go leor rudaí eile ar chur Rónán tús leo. 'Tá na rudaí a thosaigh Rónán fós ag dul ar aghaidh'
'Ní bheidh deireadh le tionchar Rónán Mhic Aodha Bhuí'
Ag caint ar an aithne phearsanta a bhí ag Seán ar Rónán, luaigh sé gur duine cúthaileach ab ea Rónán nuair nach raibh sé ag craoladh. Duine iontach staidéartha a bhí ann a bhi i gcónaí ag léamh agus ag foghlaim, a dúirt sé.
Fógrófar Laoch na nGaol ar Tús Áite ar an gCéadaoin 10ú Méan Fómhair agus beidh cead vótail go dtí méanoíche ar an 9ú Méan Fómhair.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.