skip to main content

Ní saoire ach tuismitheoireacht thar lear: Ag taisteal le tachrán

Scríobhann Siún Ní Dhuinn mar gheall ar a taithí mar mháthair nua, an tseachtain seo, tá sí ag caint ar laethanta saoire agus eitiltí le páistí beaga.

Nuair a bhí m'iníon sé mhí d'aois thugamar sciurd ar dheisceart na Fraince, áit a bhfuil sé d'ádh againn fáil a bheith againn ar árasán. Bhí am álainn againn ann, tharla sé go ndearna sí níos mó codlata ná riamh roimhe sin ina saol agus muid ann. Bhíomar ar ár sáimhín só. D'ith muid agus d'ól muid a raibh ann. La vie est belle srl. srl.

An samhradh seo, chinn muid go ndéanfadh muid amhlaidh mar go raibh sé chomh taitneamhach an chéad uair. Tá sí anois breis agus bliain d'aois agus mar a dúirt Julia Roberts tráth, BIG MISTAKE, HUGE. Tá 'fhios ag gach tuismitheoir gur gá an sceideal atá ag an bpáiste a leanúint. Dá réir, rinne muid gach iarracht cloí lena sceideal leis an eitilt anonn chuig an bhFrainc a éascú dúinn. D'íoc muid airgead sa bhreis le heitilt a fháil a d'oirfeadh don néal codlata a dhéanann sí i rith an lae. Ritheamar timpeall an aerfoirt (go sabháilte) sular fhág muid le cinntiú go mbeadh sí tuirseach go leor.

Theip ar gach rud. Bhí sí ar bís a bheith ar eitleán agus dá réir, níor dhún sí a súile oiread agus uair amháin. D'athraigh ar bís go ar buile nuair a thuig sí nach raibh cead a cinn aici rith timpeall an eitleáin. Mise an tuismitheoir sin a fheiceann tú ag gabháil leithscéal le daoine sna suíocháin maguaird. Tá mé sásta a rá go raibh na daoine suite taobh linn tuisceanach agus cneasta linn.

Chaitheamar coicís in sráidbhaile cois fharraige agus tá 'fhios agam go maith gur mhór an phribhléid dúinn é sin. Ní gach duine a fhaigheann deis a leithéid a dhéanamh. Tharla go raibh muid ann nuair a bhuail an tonn teasa an Eoraip agus bhí muid in lóistín nach raibh aon AC ann. Bhí fuath aici ar an uachtar gréine a bhí á chur againn uirthi gach cúpla uair a chloig. Tháinig bruth ar ár gcailín beag a d'fhan agus a d'fhás ar a corp don choicís uilig. Níor chodail i gceart aon oíche a raibh muid ann. D'éirigh linn dul chuig an trá luath gach maidin agus bhain muid uilig sult as an lapadaíl. Lasmuigh de sin, áfach, ba bheag rud a d'fhéadfaimís a dhéanamh toisc an teas mharfach.

Ba mheabhrúchán maith é ar an athrú mór millteach a tharla dúinn nuair a thagann páiste ar an saol. Imíonn na luathlaethanta le leanbh beag i do bhaclainn agus tagann laethanta nua nuair nach mbíonn am suí síos go mbíonn siad ina gcodladh istoíche. Níl aon rud mar a bhí, laethanta saoire san áireamh. Tuigim anois an rud a deir daoine faoi gan laethanta saoire a thabhairt ar an turas bliantúil, ach tuismitheoireacht thar lear.

Cuireadh fad ar an turas nuair a cuireadh ár gcuid eitiltí ar ceal de bharr ghníomhaíoch thionsclaíoch. Ní saoire sa Fhrainc go hoibrithe ar stailc. Nuair a shroich muid an lá go raibh muid ag filleadh ar Éirinn, dhúisigh an cailín beag céanna ag 4.15am agus ní bréag é le rá faoin am gur shroich muid Aerfort Nice, bhí muid réidh le slán a rá leis an Cote D'Azur.

A bhuíochas le strainséirí cineálta a chaith go deas linn ar an mbealach abhaile, d'éirigh linn filleadh ar an teach agus bhí muid chomh sona na scamaill a fheiceáil os cionn an tí. Ná bac la vie est belle, creidim fós in níl aon tinteán...