Tá Conamara brataithe le hoileáin agus sa tsraith nua 'Oileánach' a thosaíonn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu ag 2.05, tabharfaidh Treasa Bhreathnach cuairt ar roinnt de na hoileán a mbíodh cónaí orthu tráth ach a bhfuil tréigthe anois. Labhair muid le Treasa faoin bhfiosracht a spreag í le scéal na n-oileán a insint.
Deir Treasa go raibh sí i gcónaí fiosrach faoi na hoileáin timpeall ar Chonamara nuair a chuala sí muintir na háite ag futhu. Sa tsraith seo, Oileánach, d'éirigh léi labhairt le cuid de na daoine a rugadh agus a tógadh ar na hoileáin seo agus a scéalta a insint iad fein.
Luaigh Treasa go raibh sí ag iarraidh tabhairt faoin tsraith seo i mbliana mar go bhfuil an baol ann nach mbeidh scéalta na ndaoine seo ar fáil dúinn amach anseo. Bhí na rannpháirtithe sa chlár in ann íomhá do shaol an oileánaigh a thabhairt do Threasa, cuid acu a thréig na hoileáin agus iad ina bpáistí agus cuid eile a d'fhan níos faide ann. Dúirt Treasa gur aimsigh sí daoine arbh as na hoileáin iad ach nár labhair Gaeilge le blianta fada ach a bhí sásta labhairt ar a dtaithí.
Dúirt Treasa gur thug an obair seo deis di aithne a chur ar na hoileánaigh agus ar na háiteanna áille atá ar 'leac an dorais' aici agus í ag cur fúithí i nGaeltacht Chonamara. Tá Treasa ag obair ar an dara sraith a thabharfaidh léargas dúinn ar oileáin eile i láthair na huaire.
Seo na cláracha a bheidh sé tsraith seo:
Clár 1-Oileán Fhínse
Clár 2- An t-Oileán Iarthach (i gceantar na n-oileán)
Clár 3- Daighinis
Clár 4- An tOileán Máisean

Sa chéad chlár sa tsraith, faigheann muid léargas ar an Oileán Fhínse amach ó Charna i gConamara, oileán a d’fhág an duine deiridh é i dtús na hochtóidí.
Is iad Marcus Ó hIarnáin agus Mary Simon Uí Iarnáin atá mar threoraithe aici ar an oileán agus cuireann siad síos di faoin togra atá ar bun acu agus iad ag iarraidh seanteach a muintire a athchóiriú. Insíonn Seán Ó Conghaile nó Seán Chóilín Sheáinín Mháirtín do Threasa faoina bheith ag fás aníos ar an oileán.
Éist le Oileánach, Dé hAoine, 2.05pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.