Labhair muid le Neansaí Ní Choistealbha, craoltóir agus ceoltóir atá ag cur Ríl an Ródaí Déardaoin-Dé Sathairn 3-5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Fhleadh Cheoil na hÉireann.
Dóibh siúd nach raibh ag an bhFleadh roimhe, an mbeifeá in ann é a mhíniú dóibh?
Is ócáid mhór do ceoltóirí traidisiúnta na tíre é Fleadh Ceoil na hÉireann. Dóibh siúd a ghlacann páirt I gcomórtais, seo é an buaicphointe ó thaobh gradaim a bhaint amach. Is ócáid é le castáil le cairde ceolmhara agus éisteacht le togha agus rogha na cheoltóirí. Taobh amuigh de na comórtais bíonn neart ar siúl ar na sráideanna agus ar na hardáin éagsúla ar fud an bhaile. Is ócáid é a mbaineann gach aois grúpa taithneamh as.
Tá cáil ar RnaG mar spás ina gceiliúrtar an ceol traidisiúnta agus feiceann muid an ceol traidisiúnta ag athrú de shíor. An léiríonn an Fleadh na hathruithe sin?
Tagann athraithe I gcónaí agus bíonn daoine i gcónaí ag baint trial as rudaí nua agus is amhlaigh de sa gceol traidisiúnta freisin. Feictear go leor de sin thimpeall na háite agus an fleadh ar siúl ach i gcónaí tá béim ar an bhfíor cheol traidisiúnta sna comórtais. Tá béim faoi leith againn in RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an gceol traidisiúnta agus déanann mé fhéin iarracht i gcónaí ardán a thabhairt do na ceoltóirí óga atá ag teacht chun cinn agus tá mé fíor bhródúil as ceoltóirí a chas a gcéad ceoil go poiblí ar Cheol Binn ó na Beanna agus atá cáiliúil ar fud an domhain anois.
An bhfuil rian nó amhrán amháin a thaitníonn níos mó leat ná cinn eile agus cén fáth?
Is maith liom go leor amhráin & rianta ceoil agus ní bheinn in ann aon cheann faoi leith a ainmniú ach is breá liom Lucy Campbell & Bocanaí Oráin Mhóir agus is breá liom na hamhráin sean-nóis "Amhrán Mhaínse" & "Dónal Óg".
Mar cheoltóir, an bhfaigeann tusa deis suí síos ag seisiún ceoil ag an bhFleadh?
Faraor is beag ama a bhíonn agam chun suí síos ag seisiún ceoil le linn a bheith ag obair ag an bhFleadh ach amanta bíonn deis agam cúpla port a chasadh nuair a bhíonn an lá oibre thart!
Tá Ríl an Ródaí á chur i láthair ag Neansaí Ní Choisdealbha ó Loch Garman, áit a bhfuil Fleadh Ceoil na hÉireann ar siúl Déardaoin-Dé Sathairn ag 3pm.