skip to main content

Comhluadar an Cheoil: Fleadh ar TG4

Ó Déardaoin an 7 Lúnasa go dtí Dé Domhnaigh an 10 Lúnasa, craolfar clúdach beo fairsing ar TG4 ar an teilifís, ar líne TG4.ie agus ar na hardáin shóisialta @TG4TV and @TradTG4 chun an lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain a nascadh le croílár Fhleadh na bliana seo.

Gach oíche ag 9:30pm, cuirfear beocht i mBaile Fleadh TV TG4 le plúr na gceoltóirí agus amhránaithe as Éirinn, taibheoirí idirnáisiúnta agus léirithe ó bhuaiteoirí is déanaí na gcomórtas á gcraoladh beo ar na cheithre stáitse don lucht féachana ar fud an domhain. Beidh 92 taibheoir as Éirinn agus ar fud an domhain le feiceáil mar chuid den chraoladh teilifíse, ina measc taibheoirí as Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil, Ceanada, Dubai, an Iodáil, Albain, an Úcráin agus go leor áiteanna eile.

Is iad Peadar Ó Goill, Doireann Ní Ghlacáin & Aoife Ní Thuairisg láithreoirí Fleadh25.Beidh daoine ar fud an domhain ábalta teacht ar an gclár freisin mar go mbeidh sé ag sruthú go domhanda ar www.TG4.ie

Doireann Ní Ghlacáin
Doireann Ní Ghlacáin

Idir chomórtais bheo, stáitsí bríomhara agus seónna teaghlaigh Cúla4, tiocfaidh an Fhleadh chun beatha don lucht féachana ar fad ar fud na n-ardán éagsúil.

Scoth na gCeoltóirí ar Stáitse thar Ceithre Oíche ag an bhFleadh

Buaicphointí Déardaoin an 7 Lúnasa

Seán Keane - Kíla le Prás - Paddy Keenan - Dermot Byrne - Séamus & Caoimhe Ní Fhlatharta – Tim Edey - Léda - Matt Cunningham Band - The Byrne Brothers ... agus neart eile.

Buaicphointí Dé hAoine an 8 Lúnasa

Iarla Ó Lionáird – The Rising - The Kabin Crew - Beartla Ó Flatharta Céilí Band - Megan Nic Fhionnghaile & Marty Barry - Cry Before Dawn – The Pride Céilí Band ... agus neart eile.

Buaicphointí Dé Sathairn an 9 Lúnasa

Maighread & Tríona Ní Dhomhnaill - JigJam - Rum Ragged - Alannah Thornburgh - Gearóid McCarthy - Damien Mullane Band - Yershovy Sisters – Sult ... agus neart eile.

Dé Domhnaigh an 10 Lúnasa – An Finale Mór

Altan - Máirtín O'Connor Band - Caoimhín Ó Raghallaigh & Mick O'Brien - The Rowsome Quartet – Cailíní Lua - Mike Hanrahan ... agus neart eile.