skip to main content

Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta

Labhair an t-údar Rónán Mac Con Iomaire le Myles Dungan ar The History Show ar RTÉ Radio One faoina leabhar, An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta

Is é An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta an tríú leabhar de chuid an scríbhneora, Rónán Mac Con Iomaire, ón gCeathrú Rua i gConamara. Bronnadh Gradam Scríbhneoir Nua na Bliana ar Rónán ag Gradaim Liteartha an Oireachtais as a chéad leabhar, Rocky Ros Muc

Mhínigh Mac Con Iomaire comhthéacs na gluaiseachta do Myles, áit a raibh muintir na Gaeltachta ag bailiú le chéile lena míshástacht a chur in iúl do RTÉ, ag an tús. Osclaíonn an leabhar leis an oíche ar thosaigh an ghluaiseacht seo sa bhliain 1969 nuair a bhí clár teilifíse á thaifead i mBéarla i gConamara, i nGaeltacht na Gaillimhe.

Labhair Rónán faoi theangacha eile ar nós iad siúd a labhair An Bhreatnais agus chomh maith le sin, an tionchar a bhí ag leithéidí Mháirtín Uí Chadhain, duine de bhunadh Chonamara a bhí go láidir ar son na gcearta teanga.

Is féidir fréamhacha RTÉ Raidió na Gaeltachta a cheangail leis an nGluaiseacht go soiléir. Mhínigh Rónán gur cuireadh tús le stáisiún raidió bradach, Saor Raidió Chonamara sa bhliain 1969 bunaithe ar radio Free Derry. Cuireadh tús le Raidió na Gaeltachta go gairid ina dhiaidh sin, sa bhliain 1972.

The story of The Gaeltacht Civil Rights Movement known as An Ghluaiseacht; and the untold story of Republican women in the north during the Irish revolutionary period.

Éist anseo le míreanna ó sheoladh an leabhair, An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


In the 1960s, Ireland's Gaeltacht communities were struggling with severe economic hardship. After years of neglect, people rallied in protest - calling for urgent political action to safeguard the future the Gaeltacht regions. It was a protest about the Irish language, the local economy and other challenges facing these areas.

Long plagued by emigration and a lack of job opportunities, activists were calling for a change, to ensure the survival of these communities. The activist campaign was called An Ghluaiseacht – literally, "The Movement", and a recently published book tells the story of this Gaeltacht Civil Rights Movement, which came together in 1969.

Is féidir cóip den leabhar An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta a cheannach anseo.