Labhair an t-amhránaí clúiteach, Seán Ó Sé faoi Sheán Ó Riada atá ar ghearrliosta do Laoch na nGael, comórtas atá á reachtáil ag Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcaitheamh an tsamhraidh.
Caith do vóta do Laoch na nGael anseo
Léachtóir ab ea Ó Riada in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh agus bhí sé ag cur faoi i nGaeltacht Chorcaí lena bhean agus a gclann.
Tá cáil ar an Riadach as a chuid cumadóireachta a thrasnaigh na teorainneacha idir ceol traidisiúnta agus ceol clasaiceach. Bhunaigh sé ceoltóir Chulann chomh maith le Cór Chúil Aodha agus chum sé an ceol a chastar go minic san aifreann.
Ag caint ar oidhreacht an fhir, dúirt Seán Ó Sé a d'oibrigh ina theannta go minic gur chur muintir na hÉireann aithne ar Sheán mar chumadóir nuair a chum sé an fuaimrian don scannán Mise Éire, a rinne George Morrison.

Deir Ó Sé go raibh sé den tuairim gurb é an obair a rinne sé Ceoltóirí Chulann ar an obair is tábhachtaí a rinne sé. Tharraing sé grúpa ceoltóirí a bhí ag seinnt timpeall ar Chorcaigh le chéile agus rinne sé cóiriú ar an gceol, rud nach raibh ag tarlú go dtí sin. Tá tionchar an chóirithe sin fós le haithint i gceol na hÉireann, dár le Ó Sé, fiú mura bhfuil aon aithne acu ar Ó Riada, tá a oidhreacht fós le brath.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6