skip to main content

Cluichí Ceannais Pheil na mBan ar TG4 agus ar RTÉ RnaG

8 June 2025; Dublin manager Paul Casey talks to his players before the TG4 All-Ireland Senior Championship match between Waterford and Dublin at Dungarvan GAA Club in Dungarvan, Waterford. Photo by Seb Daly/Sportsfile

Tá cluichí ceannais na bhfear curtha dínn ach tá obair na gcapall fós le déanamh ag na mná. Dé Domhnaigh beag seo, 3 Lúnasa, tá 3 cluiche ceannais na hÉireann le himirt i bPáirc an Chrócaigh.

Tá trí chluiche le himirt ar an Domhnach, san Ardchathair, Cluiche Ceannais Sóisir, Cluiche Ceannais Idirmheánach agus Cluiche Ceannais Sinsir. Seo a leanas na socruithe don chraoladh teilifíse ar TG4.

Aontroim v An Lú (Sóisear)

Craoladh beo ar Chluiche Ceannais Sóisir na hÉireann i bPeil na mBan. Á chur i láthair ag Máire Ní Bhraonáin.

Ar aer: 11:35

Cluiche ag tosnú: 11:45

Laois v Tír Eoghain (Idirmheánach)

Cluiche ag tosnú: 13:45

Gaeilge: Craoladh beo ar Chluiche Ceannais Idirmheánach na hÉireann i bPeil na mBan. Á chur i láthair ag Máire Ní Bhraonáin.

Carla Rowe of Dublin
Carla Rowq, Baile Átha Cliath.

Áth Cliath v An Mhí (Sinsear)

Cluiche ag tosnú: 16:15

Gaeilge: Craoladh beo ar Chluiche Ceannais Sinsir na hÉireann i bPeil na mBan. Á chur i láthair ag Máire Ní Bhraonáin.

Máire Ní Bhraonáin

Beidh deis acu siúd éisteacht le tráchtaireacht ó Joe Ó Gallchóir ar chluiche ceannais na Sinsear, Áth Cliath i gcoinne Chontae na Mí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 4.15pm.