Labhair muid le Ceara Ní Choinn, léiritheoir na sraithe, Rotha Mór' an tSaoil atá le cloisteáil Dé Céadaoin, ag 1.30 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na scéalta agus na daoine a bheidh le cloisteáil sa tsraith nua seo.
Is sraith úrnua é Rotha Mór' an tSaoil, sraith ina ndéantar fiosrú ar na dtráthanna, na gcinntí agus na gcúinsí sin sa tsaol a mhúnlaíonn muid comh maith le neart sin na tola a choinníonn beo bríomhar beathach muid.
Deir léiritheoir na sraithe, Ceara Ní Choinn go raibh sí fiosrach faoi scéalta dhaoine riamh anall agus gur thug an tsraith seo deis di suí síos agus labhairt le daoine a raibh corrchasadh ina saol a d'athraigh gach rud dóibh. Deir sí go bhfuil na cláracha fréamhaithe in san fhírinne mhothúchánach a thagann trasna nuair a bhíonn daoine oscailte faoi na dúshláin a chuirtear rompu sa saol. D'aimsigh Ní Choinn rannpháirtithe a raibh scéalta éagsúla acu ach d'aithin sí gur fhreagair na rannpháirtithe uilig na nithe a tharla dóibh le misneach agus le diongbháilteacht.
Éist siar leis an gcéad chlár sa tsraith Rotha Mór' an tSaoil anseo leis an múinteoir, gníomhaí agus scríobhaí Diarmuid Ó Breisleáin.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Creideann Ní Choinn go léiríonn an tsraith seo go bhfuil cultúr na hÉireann ag athrú agus go bhfuil muid anois sásta labhairt amach. Chuala sí go leor de na rannpháirtithe go raibh siad sásta a scéalta a insint ar na haerthonnta mar go raibh siad den tuairim go gcabhróidís leis an lucht éisteachta agus iadsan ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin s'acu féin.
San eagrán seo cluinimid ó Bhláithín Mhic Cána agus a deartháir Gearóid Ó Deoráin, deirfiúr agus deartháir atá tumtha i dtraidisiún amhránaíochta Oirialla. Óna n-óige, rith ceol, teanga agus oidhreacht trína gcuid féitheacha, ach ba dhuine amháin a las an bealach dóibh, láithreacht threorach ina saol beirt.

Deir Ceara go léiríonn Gearóid agus Bláithín gur féidir brí a aimsiú sa saol arís, fiú nuair a chaitear an saol sin bun os cionn. 'Tá mé meallta ag scéalta dhaoine agus an dóigh a dtéann siad ar aghaidh', a deir sí.
Rotha Mór’ an tSaoil, is a brand new series on Wednesday, at 1.30 on RTÉ Raidió na Gaeltachta which will uncover the moments that define us. The choices, the circumstances, and the sheer resilience that keeps us turning, rising, and living. In this week’s programme, we’ll hear from Bláithín Mhic Cána and her brother Gearóid Ó Deoráin, two siblings steeped in the Oriel singing tradition. From youth music, language, and heritage ran through their veins, but it was one person who lit the way for them, a guiding presence in both their lives.
Rotha Mór' an tSaoil, Dé Céadaoin, 30 Iúil ag 1.30 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta