skip to main content

Caidrimh agus Cumhacht: Gearrscannán nua i nGaeilge le Ciara Ní É

Claonadh, gearrscannán Gaeilge le Ciara Ní É.
Claonadh, gearrscannán Gaeilge le Ciara Ní É.

Scríobhann an file agus stiúrthóir scannáin, Ciara Ní Éanacháin faoina gearrscannán, Claonadh atá le taispeáint le linn Féile Gaze i mBaile Átha Cliath i mí Lúnasa.

In Éirinn sna 1920idí iompaíonn an dúil atá ag cailín aimsire ina dúspéis. Suite i dTeach Mór, áit a bhfuil rialacha dochta i réim, sa scannán Claonadh fiosraítear cumhacht agus fonn, an fhantaisíocht agus an fhírinne. Fuair Claonadh, an chéad ghearrscannán liom, a chéad léiriú ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Ba bhóthar fada é ó tháinig síol an smaoinimh chugam in 2021.

In 2022 bhuaigh an script Comórtas Físín agus ansin bhí orm an script a fhorbairt, tuilleadh maoinithe a bhailiú agus aisteoirí, criú agus láthair a aimsiú.

Éist le Ciara ag caint faoin scannán Claonadh ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anseo

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Is mé féin a stiúir an scannán—an chéad uair dom a leithéid a dhéanamh—agus bhí an t-ádh liom criú den chéad ghradam a bheith agam. Jamie O'Rourke a léirigh an scannán agus a chuir in eagar, fear a bhfuil IFTA buaite aige féin (Best Live Action Short) as a scannán Calf, a scríobh is a stiúir sé féin.

Eleanor Bowman a bhí againn mar DOP. Bhuaigh sí IFTA (Best Cinematography) do Lies We Tell agus is ball í de The Irish Society of Cinematographers.

Rinneamar é a thaifeadadh ag Teach na Buiríse (Borris House) Co. Cheatharlach. Is iad Siobhán Callaghan, Olga Wehrly, Eleanor O’Brien, Bairbre Ní Chaoimh agus Donncha Crowley a bhí sna príomhróil.

An chéad léiriú eile den scannán ná 4 Lúnasa 2pm san fhéile GAZE i mBaile Átha Cliath, mar chuid de bhloc iomlán scannáin aiteacha i nGaeilge.

Cúpla bliain ó shin ní raibh mórán imeachtaí a léirigh an trasnú idir an saol aiteach agus saol na Gaeilge agus mar bhall den dá phobal is deas na hathruithe chun feabhais seo a fheiceáil.

Claonadh Ciara Ní É

Go minic samhlaítear go mbaineann daoine LADTA+ le saol na haimsire seo áfach, agus is tábhachtach a aithint gurbh ann do dhaoine aiteacha i gcónaí.

Ach ba í an Ghaeilge príomhtheanga na tíre seo leis na mílte bliain, agus b’ann do dhaoine aiteacha ar feadh an ama sin, mar sin tá ár stair aiteach agus an Ghaeilge fite fuaite ina chéile.

Tá spéis chraosach agam inár stair aiteach, sna scéalta nach n-insítear dúinn agus sna scéalta a dhéantar a cheilt uainn.

Bíonn na rialacha faoi cén saghas caidrimh atá inghlactha de shíor ag athrú. Tharla sé seo ar fud an domhain ó thús ama go raibh caidrimh áirithe ann a sháraigh comhghnásanna sóisialta an lae—go príomha nósanna a bhaineann le haicme, cine, nó creideamh.

Le linn stair na hÉireann—idir cóilíneachas, an eaglais agus eile—is iomaí rialacha éagsúla a raibh ar dhaoine cloí leo, agus is iomaí caidreamh a thit amach beag beann ar na rialacha céanna.

Tá go leor bealaí éagsúla leis an bhfocal Claonadh a thuiscint—luí nádúrtha de shaghas, a bheith gafa le rud éigin, a bheith mícheart nó olc, agus dar ndóigh claonadh gnéis.

Ba mhaith liom arís mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a thacaigh leis an GoFundMe—tá bhur n-ainmeacha le feiceáil sna teidil chreidiúna!—chabhraigh sibh liom €6,000 sa bhreis a thiomsú anuas ar an tacaíocht a tháinig ó Chomórtas Físín agus Foras na Gaeilge.

Beidh Claonadh á léiriú ag féilte timpeall na tíre agus níos faide i gcéin sa bhliain amach romhainn—roinnfidh mé an t-eolas uilig ar líne @miseciara

Faigh amach níos mó faoin bhféile GAZE anseo