skip to main content

Faoiseamh agus Fréamhacha: Féilire na gCeilteach

The Armagh Rhymers ,Cleamairí Ard Mhacha
The Armagh Rhymers ,Cleamairí Ard Mhacha

Labhair muid le Ciarán Ó Cofaigh, stiúrthóir Na Féilte Tine faoin tsraith cheannródaíoch seo a thiocfaidh chun deiridh an tseachtain seo chugainn le clár atá ag díriú ar Lúnasa.

D'fhás Ciarán aníos i nGaeltacht Rath Chairn agus cé go raibh suim aige riamh sna deasghnátha agus sna nósanna atá sa tír seo dúirt sé nach bhfaca sé mórán dóibh ag tarlú timpeall air. Nuair a fuair sé amach go raibh ailse air, d'oscail doirse breise i gcúrsaí spioradálta a thug deis dó breathnú ar an domhan trí shúile nua.

D'athraigh meon Chiaráin le linn na tréimhse seo agus d'aithin sé go bhfuil an cine daonna 'as rithim' leis an nádúr agus leis an domhan trí chéile. Thug sé faoi deara go bhfuil cuid mhór againn dícheangailte leis an domhan thart orainn agus fiú dícheangailte linn féin, muid ag déanamh neamhaird den dúlra agus den fhéilire a cheanglaíonn muid leis an timpeallacht agus le rithim na bliana.

Éist anseo le Ciarán Ó Cofaigh ag caint ar an tsraith Na Féilte Tine ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Cé gur thosaigh an phleanáil don chlár seo roimh thréimhse na paindéime (2020), deir Ó Cofaigh go bhfuil an t-ocras atá ar dhaoine le ceangail lena chéile agus leis an traidisiún níos láidre ná riamh, ina thuairim. Thóg Ó Cofaigh buíon mór saineolaithe ó chúlraí éagsúla le chéile le scéal na bhféilte seo a insint agus tugann siad léargas dúinn ar a thábhachtaí agus a lárnaí agus a bhí an cheangail idir daoine agus a raibh timpeall orthu ag an am. Thit na nósanna sin i laige nuair a d'athraigh an saol i dtreo an chaipitileachais agus ón sochaí pobalbhunaithe chuig an sochaí a chuireann an duine aonair chun tosaigh.

Feile Lunasa Eamhain Mhacha
Eamhain Mhacha, Lúnasa

Ceanglaíonn Lúnasa muid leis an bhFómhar agus de réir na ndeasghnátha, bhíodh daoine ag teacht le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ag an am seo den bhliain. Bhí obair mhór déanta maidir le talmhaíocht agus cé go raibh obair fós le déanamh, thógtaí sos le teacht le chéile mar phobal. Meabhraíonn Ó Cofaigh dúinn gur tréimhe mhór cleamhnais ab ea an tréimhse seo freisin toisc an nós a bhí ann teacht le chéile, mar phobal.

Maireann muid i dtréimhse atá lán le rachmas, i ré na tech bros, i ndomhan ina bhfuil billiúnaithe forleathan. Níl an cultúr seo i dtiúin leis an domhan ná leis an dúlra agus dá réir, tá an gnáthdhuine ag cuartú ceangail nach mbaineann le hairgead ná leis an teicneolaíocht, a deir Ciarán.

"Tá daoine ag cuartú ceangail, tá daoine ag cuartú pobail agus an nádúr freisin"

Ag caint ar an spéis mhór atá léirithe ag daoine sa Ghaeilge chomh maith le béaloideas agus san fhéilire Cheilteach, deir Ciarán nach féidir an dá rud a dheighilt óna chéile agus go luíonn sé le réasún go mbeadh na hÉireannaigh ag fiosrú a gcuid fréamhacha anois.

Cúis bhróid agus dóchais do Chiarán go bhfuil an tsraith seo anois ar fáil agus in úsáid in scoileanna na tíre agus go bhfuil scéal na bhFéilte Tine ar fáil don chéad ghlúin eile.

Féach siar ar na cláracha eile sa tsraith ar an RTÉ Player anseo.

Na Féilte Tine, Dé Luain, 4ú Lúnasa, 6.30pm ar RTÉ ONE