Bhailigh muintir na Ríochta agus muintir Dhún na nGall le chéile i lár na cathrach le ceiliúradh a dhéanamh ar Chluiche Ceannais na hÉireann, áit a raibh RTÉ Raidió na Gaeltachta do Ghlas agus Buí le Sláine Ní Chathalláin agus Damien Ó Dónaill.
I measc na n-aíonna, bhí iarchaptaen Dhún na nGall, Anthony Molloy, iarimreoir Chiarraí, Tomás Ó Sé, Tomás Ó Flatharta, Hugh Carr, chomh maith le plúr na gceoltóirí ón dá chontae; muintir O' Connor, Breanndán ó Beaglaoich, Chiarraí agus Ciarán Ó Maonaigh, Cathal Ó Curráin, Caitlín Nic Gabhann ó Dhún na nGall.



