Tá Raidió na Gaeltachta ar ais ar an mbóthar arís, agus camchuairt cheoil an tsamhraidh ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo chuig Scoil Acla i gContae Mhaigh Eo, áit a bhfuil 40 bliain ar an bhfód á gceiliúradh acu i mbliana.
Beidh ceol traidisiúnta den scoth le cloisteáil ar Ceol Binn ó na Beanna le Neansaí Ní Choisdealbha, beo ó McLoughlin's Acaill, Dé Luain 28 Iúil ó 7-9i.n.
Ar an Mháirt 29 Iúil ag 9.15am, beidh Iris Aniar ag craoladh beo ó McLoughlin’s agus Scoil Samhraidh Scoil Acla 2025 faoi lán tseoil. Labhróidh Eibhlín Ní Chatháin leis na ceoltóirí atá ag freastal ar an Scoil Samhraidh agus beidh féasta ceoil binn, comhrá agus amhráin le cloisteáil ó na scoláirí agus aíonna speisialta eile. Craolfar leagan speisialta eile de Ceol Binn ó na Beanna ar an Mháirt chomh maith, ó 7-9i.n.

Cuirfear tús le Scoil Acla na bliana seo le Aifreann an Domhnaigh ó Shéipéal Naomh Pádraig, An Pollach, Acaill, Co. Mhaigh Eo, a bheas á chraoladh beo ar RnaG ag 11.30am.
Is féidir éisteacht leis na craoltaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar líne ag rte.ie/rnag agus @rternag a leanúint ar Facebook agus Instagram.