Labhair an Dr Feena Tóibín ar na cúiseanna a shíleann sise gur cheart Dubhghlas de hÍde a bheith luaite do Laoch na nGael ar Thús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Caith do vóta do Laoch na nGael anseo
Scríbhneoir agus léachtóir ab ea Dé hÍde a rugadh i gContae Ros Comáin agus a bhí mar chéad Uachtarán ar Éirinn. Saineolaí is ea Dr Feena Tóibín ar shaothar Dé hÍde agus creideann sí gur éirigh leis dul i bhfeidhm ar an bpobal i gcoitinne, na Gaeil san áireamh.
Luann sí gur thug Dubhghlas air féin an Ghaeilge a fhoghlaim nuair a chuala sé daoine ina cheantar féin á labhairt. D'fhoghlaim sé a chuid cainte ó chainteoirí dúchasacha ach d'aithin sé freisin go raibh an teanga ag dul i léig go mór agus thug sé faoi rud éigin a dhéanamh faoi sin.
Bhunaigh Dé hÍde agus Eoin Mac Néill Conradh na Gaeilge le chéile agus deir Dr Tóibín go raibh Mac Néill ina scoláire iontach ach go raibh an phearsantacht ag Dé hÍde chun daoine a thabhairt leis.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6