Tá cáil ar TG4 le fada an lá as an obair cheannródaíoch atá déanta acu le tacú le mná atá ag imirt spóirt. Ag cloí le sin, tá sé fógartha ag an gcainéal go gcraolfaidh siad Tour de France Femmes avec Zwift 2025.
Beidh naoi lá as a chéile de rothaíocht den scoth na mban á cur ar fáil beo ó gach cearn den Fhrainc do lucht féachana na hÉireann. Cuirfear tús leis an gclúdach Dé Sathairn an 26 Iúil leis an gcéad chéim 78km ó Vannes go Plumelec sa Bhriotáin. Leanfar leis an gclúdach go dtí go mbainfidh siad an chéim dheireanach amach i Châtel Les Portes du Soleil in Alpa na Fraince Dé Domhnaigh an 3 Lúnasa.
Seo í an ceathrú bliain den leagan nua-aimseartha seo den Tour de France Femmes, a thosaigh in 2022, agus tá sé anois ar cheann de na hócáidí is mó le rá i bhféilire rothaíochta na mban. Beidh trí chéim chothroma, dhá chéim sna cnoic, agus ceithre chéim sna sléibhte i gceist i mbliana, lena n-áirítear an dreapadh dian suas Col de la Madeleine, atá 2,000m ar airde, a bheidh le déanamh acu lá roimh an gcríoch mhór.
Beidh tráchtaireacht bheo á cur ar fáil arís i mbliana ag Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn, agus cuirfidh an paisean agus an léargas atá acu féin, mar aon leis an nGaeilge, dár ndóigh go mór leis an imeacht.

Ó thaobh na hÉireann de, tá cúis mhór dóchais ann. Deimhníodh Dé Luain an 21 Iúil go bhfuil Mia Griffin as Cill Chainnigh, curadh náisiúnta na hÉireann, chun tabhairt faoin Tour de France Femmes den chéad uair. Beidh Mia, atá 26 bliain d'aois, ag rothaíocht le foireann na hEilvéise, Roland Le Dévoluy. Is í an chéad bhean Éireannach í atá fógartha go hoifigiúil don rás, ach táthar ag súil go mbeidh suas le triúr rothaithe Éireannacha ar an líne thosaigh Dé Sathairn seo chugainn.
Beidh buaicphointí ó gach céim le feiceáil gach oíche ar TG4 freisin.
Leanann TG4 de bheith ag cur spóirt den scoth na mban os comhair an phobail, agus tá neart drámaíochta, dúshlán, agus iomaíocht ar ardchaighdeán idirnáisiúnta geallta le linn Tour de France Femmes 2025.
Is féidir gach eolas a fháil faoin rás agus faoin mbealach a bheidh an rás ag dul a fháil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an imeachta:
https://www.letourfemmes.fr/en/overall-route