skip to main content

Éist: Rap Speisialta cumtha do Dhaire Ó Baoill

Ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, cas beirt chailíní óga rap speisialta atá cumtha acu don imreoir is fearr leo, Daire Ó Baoill agus d'fhoireann Dhún na nGall.

Labhair an bheirt le Damien Ó Dónaill faoin amhrán a chum siad agus iad ag tacú le foireann Dhún na nGall a bheidh ag imirt i gcoinne Chiarraí Dé Domhnaigh seo i bPáirc an Chrócaigh.

Daire Ó Baoill


Ar an Domhnach 27 Iúil, beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh ag Craobh Pheile na hÉireann le fáisnéis tuairiscí, torthaí, anailís agus tráchtaireacht beo ó 2 i.n.