skip to main content

Caid agus Ciarraí: Lá na Cinniúna ag teannadh

Seánie O' Shea
Seánie O' Shea

Labhair muid le láithreoir An Saol Ó Dheas, Sláine Ní Chathalláin atá ag ullmhú le Glas agus Buí a chur i láthair le Damien Ó Dónaill oíche Shathairn idir 7 agus 9 ar RTÉ RnaG i gCúinne an Phíobaire i lár na cathrach.

Tá dlúthcheangal idir Ciarraí agus peil (nó caid!) le fada an lá. An gceapann tú go bhfuil muintir Chiarraí chomh gafa agus a bhí siad riamh leis an spórt agus cén fáth?

Is dóigh liom go bhfuil. Tá sprid nua éigin ag brúchtaíl sa Ríocht le tamall anois, agus tá gach éinne ana mhór ar fad leis an bhfoireann iontach seo. Tá na himreoirí macánta, ana dheas leis an luct leanta-tá nasc dlúth eathura, agus tá meas ag an lucht tacaíochta ar sin. "Arsa Cailleach Bhéara le Cailleach Mhaigh Eo, an té a bhíonn go maith duit, bí go maith dó." Anuas ar sin, tá an stíl imeartha slachtmhar, tomhaiste, proifisiúnta agus caid go smior iontu ar fad agus iad féin, mar fhoireann ábalta a chéile a thuiscint go rímhaith ar an bpáirc imeartha. Ní thugann na himreoirí an t-eiteach riamh d'ógánaigh a bhíonn ag lorg pictiúirí, nó a síniú. Tá’s agam gur mar sin, is dócha a bhí sé riamh, ach tá ceamara ina bpóca ag cách anois agus na meáin shóisialta go mór mar chuid d’ár saol agus is maith le daoine na pictiúirí a roinnt. Nuair a bhíosa beag, théinn go dtí gach cluiche le m’uncail, Seán. Bhíodh na gluaisteáin a bhíodh á dtiomáint go Baile Átha Cliath breac le fleaigí agus dathanna Chiarraí agus ní bhíodh puinn de mhótarbhealach ann ag an am. Bhíodh "Bíp bíp" mar bheannú ag tiománaithe na ngluaisteán dá chéile ar an mbóthar agus sprid, ceangal agus anam le braith. Is mar sin a bhí agus is mar sin atá fós.

12 July 2025; Kerry manager Jack O'Connor and David Clifford after the GAA Football All-Ireland Senior Championship semi-final match between Kerry and Tyrone at Croke Park in Dublin. Photo by Seb Daly/Sportsfile
Jack O' Connor agus David Clifford

Dár ndóigh, Ciarraíoch go smior tusa, cén tábhacht atá ann do mhuintir na Ríochta Corn Sam Mhig Uidhir a thabhairt ar ais libh?

Tá an scil againn, an obair curtha isteach san ullmhúchán don lá seo, an fhoireann bainistíochta agus an painéal iomlán ag traenáil agus ag prappáil go dian gach ré lá, agus dá bhrí san tá sé tuillte againn, agus ríthábhachtach tar éis bliana den bhfoireann a bheith ag dul ó neart go neart, agus anois, i mbarr a maitheasa, go dtabharfaimis abhaile Sam mar tá sé dlite dúinn! Cruthaíonn a theacht, fuinneamh agus atmaisfeár agus rud le bheith ag súil leis, mar a dhein in 2004 nuair a thug Dara Ó Cinnéide abhaile an Corn go tábhairne an Bhóthair. Níor chuaigh éinne againn ar scoil an lá dár gcionn!

Baineann spórt le cultúr an chontae, an bhfuil spórt lárnach fós in obair Raidió na Gaeltachta, i do thuairim?

Ó tá go deimhin, níl aon lá ná bíonn trácht ar chúrsaí spóirt ar Raidió na Gaeltachta. Tá rud ar leith againn ar an stáisiún eo, sé sin, na clubanna áitiúla a chur ar árdán do dhaoine aige baile, ionas gur féidir leo na cluichí a leanúint óna dtig, nó óna ngluaisteán. Cuireann muintir na Gaeltachta aithne ar chlubanna a gceantar éagsúil agus nascann sé sin clann na muintire.

Tá sibh ag ullmhú do Ghlas agus Buí an oíche roimh an gcluiche, cad atá pleanáilte agaibh dóibh siúd a bheidh i láthair agus iad siúd a bheidh ag éisteacht sa bhaile?

Beidh ana ócáid ann, le lucht leanta na bhfóirne thuaidh is theas. Beidh mé féin agus Damien Ó Dónaill ag caint le lucht tacaíochta an dá fhoireann, beidh ceol agus amhráin ón dá chontae againn, agus pearsa na caide i láthair chun a mbreith a thabhairt ar lá na cinniúna. Mura mbuafam, suafam!

Sláine Ní Chathalláin

Glas agus Buí, beo ó Pipers Corner, i gcroílár Bhaile Átha Cliath, Dé Sathairn, 26 Iúil, 7–9pm, curtha i láthair ag an gCiarraíoch, Sláine Ní Chathalláin agus fear Thír Chonaill, Damien Ó Dónaill.

Ar an Domhnach 27 Iúil, beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh ag Craobh Pheile na hÉireann le fáisnéis tuairiscí, torthaí, anailís agus tráchtaireacht beo ó 2 i.n.